Tugann an Tánaiste cuairt ar an Liobáin chun bualadh le pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann agus Rialtas na Liobáine
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann an Tánaiste cuairt ar an Liobáin chun bualadh le pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann agus Rialtas na Liobáine
Tá an Tánaiste agus Aire Cosanta agus Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD, chun cuairt a thabhairt ar an Liobáin maidin inniu (25 Eanáir) agus chun teacht le chéile le baill den 121ú Cathlán Coisithe UNIFIL, ar maraíodh duine díobh, an Saighdiúir Singil Seán Rooney, an 14 Nollaig.
Tá Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta, Jacqui McCrum, Uasal, agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Lt Gin Seán Clancy ag dul i gcuideachta leis an Tánaiste.
Chomh maith le cuairt a thabhairt ar phearsanra an 121ú Cathlán Coisithe, tá an Tánaiste chun teacht le chéile le Fo-Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe um Oibríochtaí Síochána, Jean-Pierre Lacroix, freisin, chomh maith le hAire Cosanta na Liobáine, an tUasal Maurice Sleem, agus an tAire Gnóthaí Eachtracha & Eisimirceach, an Dr Abdullah Bou Habib.
Is é príomhaidhm na cuairte seo cuairt a thabhairt ar chomhaltaí an 121ú Cathlán Éireannach agus Polannach de UNIFIL ag a gcampa – Camp Shamrock (UNP 2-45) – agus chun cuairt a thabhairt ar an leacht cuimhneacháin ag Tibnine in ómós do phearsanra Éireannacha a fuair bás le linn dóibh a bheith i seirbhís le UNIFIL.
Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an Tánaiste gur “deis atá ann dom, ar mo shon féin agus ar son an Rialtais freisin, comhbhrón a chur in iúl do chomhghleacaithe an tSaighdiúra Shingil Seán Rooney as a gcailliúint agus ár mbuíochas ó chroí a ghabháil leo agus iad ag leanúint ar aghaidh lena ndualgais a chomhlíonadh lán gairmiúlachta agus dúthrachta, díreach mar a bheifear ag súil le comhaltaí de chuid Óglaigh na hÉireann.”
Beidh an Tánaiste ag teacht le chéile le hAire Gnóthaí Eachtracha & Eisimirceach na Liobáine agus le hAire Cosanta na Liobáine freisin. Dúirt an Tánaiste go gcuirfidh na cruinnithe sin ar a chumas dó “an tiomantas sin a léiriú atá ag Rialtas na hÉireann go ndéanfar a athdhearbhú go bhfuil fíorais agus imthosca uile na heachtra inar maraíodh Saighdiúir Singil Rooney bunaithe go hiomlán agus go dtabharfar na daoine atá freagrach as os comhair cúirte.”
Sa chruinniú a bhí aige le Fo-Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe um Oibríochtaí Síochána, an tUasal Jean-Pierre Lacroix, athdhearbhóidh an Tánaiste tiomantas leanúnach na hÉireann chun trúpaí a chur chun seirbhís mhisin na NA, ag féachaint don acmhainneacht, agus misin UNIFIL san áireamh. Pléifidh siad na himeachtaí a bhaineann le bás an tSaighdiúra Shingil Rooney, is ábhar roinnt imscrúduithe comhthreomhara faoi láthair freisin, lena n-áirítear ceann atá á sheoladh ag UNIFIL agus ceann eile de chuid Fhoireann Ildisciplíneach de chuid Óglaigh na hÉireann, a bhfuil an Garda Síochána ag tacú leis freisin.
Agus é ag tarraingt chun cuimhne an chuairt a thug sé roimhe seo ar Camp Shamrock agus é ina Thaoiseach in 2022, dúirt an Tánaiste gur “onóir agus pribhléid é i gcónaí a bheith in ann cuairt a thabhairt ar thrúpaí Éireannacha atá ag déanamh seirbhís míleata thar lear. Is fíor-léiriú é an comhbhrón agus an tacaíocht don Shaighdiúir Singil Rooney agus a chomhghleacaithe gortaithe de chuid Óglaigh na hÉireann ar an meas atá ag daoine ar Óglaigh na hÉireann agus ar an mbród atá ag muintir na hÉireann as a ndéanann siad.”
Críoch.