Lá na nDaoine ar Iarraidh le coimeád i bPáirc an Chrócaigh inniu, an dara lá déag dá leithéid
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh Lá Náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh inniu, an 4 Nollaig, agus é ar an dara lá déag dá leithéid.
Agus é á óstáil ag an Roinn Dlí agus Cirt, is é is Lá na nDaoine ar Iarraidh ann ná lá comórtha bliantúil ar ar féidir le baill teaghlaigh agus cairde teacht le chéile chun cuimhneamh ar na daoine muinteartha leo atá ar iarraidh. Chomh maith leis sin, soláthraíonn Lá na nDaoine ar Iarraidh ardán náisiúnta ónar féidir achainí a dhéanamh ar an bpobal faisnéis a thabhairt faoi dhaoine atá ar iarraidh.
Chun an ócáid a choimeád, reáchtálfar searmanas comórtha ina mbeidh rannchuidiú labhartha ó bhaill teaghlaigh le daoine ar iarraidh, mar aon le hóráidí ón Aire Eiléana Nic an tSaoi TD, Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána, agus rannpháirtithe eile a oibríonn chun cásanna daoine ar iarraidh a réiteach.
Is ócáid uile-oileáin é Lá na nDaoine ar Iarraidh, agus cuirfear fáilte freisin roimh theaghlaigh ó Thuaisceart Éireann agus a n-eagraíochtaí tacaíochta.
Níos luaithe an tseachtain seo, las an tUachtarán Ó hUiginn coinneal ag Áras an Uachtaráin chun cuimhneamh orthu sin atá ar iarraidh.
Dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“Tugann Lá na nDaoine ar Iarraidh deis do theaghlaigh agus cairde le daoine atá ar iarraidh teacht le chéile agus a ndaoine muinteartha a chomóradh. Leagann sé béim ar chásanna daoine ar iarraidh ar an leibhéal náisiúnta freisin. Trí aird a dhíriú orthu sin atá ar iarraidh, d’fhéadfaimis cuimhne duine a athnuachan nó duine a spreagadh teacht chun tosaigh agus aon fhaisnéis atá aige nó aici a chur in iúl.
“Ba mhaith liom spreagadh a thabhairt d’aon duine a bhfuil faisnéis aige nó aici, is cuma cé chomh beag agus atá sí, teacht chun tosaigh agus an fhaisnéis sin a chomhroinnt leis an nGarda Síochána. D’fhéadfadh aon phíosa faisnéise ar bith a bheith ríthábhachtach maidir le cás duine ar iarraidh a réiteach.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a rannchuidigh leis an searmanas inniu agus le gach duine atá ag tacú le Lá na nDaoine ar Iarraidh ó uair a cheaptha i leith. Gabhaim buíochas ar leith leis na baill teaghlaigh le daoine ar iarraidh a labhair ag an searmanas i mbliana.”
Ar Lá na nDaoine ar Iarraidh i mbliana, táthar freisin ag seoladh bunachar sonraí inchuardaithe breisithe maidir le Taisí Daonna Neamhaitheanta a thuairiscíonn Cróinéirí ar fud na tíre don Roinn.
Ag fáiltiú di roimh sheoladh an bhunachair sonraí inchuardaithe, dúirt an tAire Nic an tSaoi:
“D’fhoilsigh mo Roinn an chéad bhunachar sonraí riamh maidir le Taisí Daonna Neamhaitheanta i mí na Bealtaine 2023, agus tá sí ag déanamh iarracht ó shin i leith feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a sholáthraítear agus a chinntiú go bhfuil an bunachar sonraí éasca le húsáid.
“Níos luaithe i mbliana, cuireadh taifid amhairc, lena n-áirítear íomhánna aghaidhe agus íomhánna d’earraí a aimsíodh le taisí, ar áireamh sa tacar sonraí, i gcás gur sholáthair cróinéirí iad.
“Mar gheall ar an bhforbairt is déanaí sin, cumasaítear d’úsáideoirí na sonraí a chuardach de réir ceantar cróinéara, bliana agus inscne. Ar an tslí sin, cabhraítear arís eile le daoine ar iarraidh a aithint agus a aimsiú agus méadaítear an fhéidearthacht go bhfaighidh a ndaoine muinteartha clabhsúr."
Faoi mar a tharla i mblianta roimhe, déanfar an searmanas i mbliana a bheoshruthú ar shuíomh Gréasáin agus cainéil meán sóisialta na Roinne Dlí agus Cirt.
Dúirt Séamas de Brún TD, an tAire Stáit:
“Tá Lá Náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh ar cheann de na laethanta is tábhachtaí i bhFéilire na Roinne Dlí agus Cirt. Is é an lá ar ar féidir le daoine a bhfuil duine éigin atá tábhachtach dóibh ar iarraidh uathu teacht le chéile, a n-eispéireas a chomhroinnt le chéile agus neart a tharraingt ó chéile."
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a rannchuidíonn le Lá na nDaoine ar Iarraidh agus a chuireann cuid mhór dá gcuid ama isteach chun é a chur ar siúl gach bliain. Táim buíoch go háirithe de na baill teaghlaigh le daoine ar iarraidh a chomhroinneann a scéalta go misniúil."
Dúirt Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána:
“Is lá tábhachtach é gach Lá Náisiúnta Daoine ar Iarraidh toisc go dtugann sé deis dúinn aird a dhíriú orthu sin atá ar iarraidh. Tugann sé deis dúinn freisin cuimhneamh orthu sin atá caillte agus a gcrónaíonn a ndaoine muinteartha uile go mór iad.
"Is lá é freisin ar ar féidir le teaghlaigh labhairt faoina ndaoine muinteartha agus faoi cé chomh mór agus a chrónaíonn siad iad. Agus na scéalta sin á gcomhroinnt, meabhraítear dúinn cé atá ar iarraidh agus cé chomh tábhachtach agus atá siad dá bpobal, dá dteaghlach agus dá gcairde. Is é sin an fáth a ndéanfaidh an Garda Síochána a sheacht ndícheall a fháil amach cad a tharla agus iad sin atá ar iarraidh a thabhairt abhaile.
"Mar sin, molaim d’aon duine a bhfuil faisnéis aige nó aici faoi aon duine atá ar iarraidh dul i dteagmháil linn. D’fhéadfadh aon phíosa faisnéise ar bith cabhrú le freagraí a thabhairt do theaghlaigh. Is féidir leat é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le haon Stáisiún de chuid an Gharda Síochána nó trí ghlao a chur ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111".
NÓTAÍ
An 4 Nollaig 2013, chuir Éire Lá náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh ar siúl den chéad uair riamh le searmanas comórtha a cuireadh ar siúl i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath. D’fhreastail na baill teaghlaigh agus na cairde le daoine ar iarraidh, mar aon le han-chuid de na heagraíochtaí a oibríonn sa phobal thar a gceann, ar an gcéad searmanas. Le linn an tsearmanais, thug daoine aithisc ómóis agus cuimhní cinn go pearsanta agus trí cheol sular cuireadh searmanas cuir crann ar siúl i dTeach Farmleigh.
Comhlánaíonn Lá na nDaoine ar Iarraidh Lá Idirnáisiúnta na Leanaí ar Iarraidh atá ann cheana, agus tá roinnt cuspóirí aige. Comóireann sé na daoine sin atá ar iarraidh agus aithníonn sé fulaingt mharthanach na ndaoine muinteartha agus na gcairde leo. Chomh maith leis sin, tarraingíonn sé aird ar chásanna daoine ar iarraidh atá ar oscailt nó neamhréitithe agus cruthaíonn sé deis chun faisnéis a thabhairt faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil.
Forbraíodh Lá Náisiúnta na nDaoine ar Iarraidh ina fheachtas bliantúil i gcomhpháirt le roinnt eagraíochtaí.
Sholáthair cróinéirí faisnéis maidir le Taisí Neamhaitheanta a aimsíodh ina gceantar, agus tháinig méadú ar an líon cásanna foilsithe ó 44 cinn go 48 gcinn.
Agus é comhdhéanta d’oifigigh ón Roinn, de chomhaltaí den Gharda Síochána, d’Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann, den Phaiteolaí Stáit, agus den tSeirbhís Chróinéara, ghabh an Fóram um Thaisí Daonna Neamhaitheanta air féin bunachar sonraí éifeachtach a fhorbairt a bhfuil an cumas aige fás de réir mar a chuirtear faisnéis nua ar fáil.
Is féidir an bunachar sonraí inchuardaithe nuafhoilsithe maidir le Taisí Daonna Neamhaitheanta a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/coroner-cases/?referrer=https://www.gov.ie/en/publication/ae2ea-unidentified-human-remains/