Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 19 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte go bhfuil othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 air tar éis bás a fháil.
Tá trí bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn.
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 191 chás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn amhail meán lae, Déardaoin an 19 Márta.
Tá 557 gcás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí is déanaí ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé Máirt an 17 Márta (350 cás):
Maidir leis na cásanna sin a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas:
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh le teaghlach agus cairde an othair.
"Tá sé fós róluath chun aon tionchar atá ag ár mbearta um scaradh sóisialta a fheiceáil. Léirítear go soiléir sna sonraí seo cé chomh tábhachtach agus atá sé go gcloífeadh daoine óga go dian le comhairle sláinte poiblí agus le bearta um scaradh sóisialta."
Dúirt an Dr Breda Smyth, Stiúrthóir um Leigheas Sláinte Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
"Ag túslíne na paindéime seo atá oibrithe cúram sláinte. Cé gur údar misnigh é go mbíonn bearta um scaradh sóisialta á nglacadh dáiríre ar fud na sochaí, is gá dúinn leanúint leis na bearta sin chun na daoine is soghonta a chosaint agus chun tacú lenár mbaill foirne cúram sláinte le linn na paindéime seo."
CRÍOCH
Léirítear sna staitisticí seo an scéal amhail meán oíche, an 17 Márta. Mar sin, ní áirítear leo na staitisticí don dá lá seo a chuaigh thart, ar staitisticí iad atá á dtomhas go fóill.
Foinse: HSPC | An líon daoine | *% den iomlán |
An líon iomlán cásanna | 350 | |
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal | 108 | 31 |
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim | 7 | 2 |
An líon iomlán básanna | 2 | 0.6 |
An ráta báis i measc na gcásanna | 0.6 | |
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte | 84 | 24 |
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu | 26 | 7 |
Aois airmheánach | 43 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 17 Márta.
Aoisghrúpa | An líon daoine | % den iomlán |
<1 | 1 | 0 |
1 - 4 | 1 | 0 |
5 - 14 | 8 | 2 |
15 - 24 | 38 | 11 |
25 - 34 | 64 | 18 |
35 - 44 | 78 | 22 |
45 - 54 | 49 | 14 |
55 - 64 | 54 | 15 |
65+ | 57 | 16 |
Iomlán | 350 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 17 Márta.
Aicmiú tarchuir | An líon daoine | % de chásanna a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas |
Tarchur pobail | 99 | 35 |
Teagmháil le cás deimhnithe | 59 | 21 |
Taisteal thar lear | 121 | 43 |
Tá an cás fós á imscrúdú | 71 | 20 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 17 Márta.
Tabhair faoi deara:
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.
Baineann an cás leis an taisteal | 28 | 33% |
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear | 55 | 65% |
Tá an cás fós á imscrúdú | 1 | 1% |
Iomlán | 59 | 100% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 17 Márta.
Contae | An líon cásanna | |
Ceatharlach | ≤ 5 | |
An Cabhán | ≤ 5 | |
An Clár | ≤ 5 | |
Dún na nGall | ≤ 5 | |
Cill Chainnigh | ≤ 5 | |
Laois | ≤ 5 | |
Liatroim | ≤ 5 | |
An Longfort | ≤ 5 | |
Maigh Eo | ≤ 5 | |
Uíbh Fhailí | ≤ 5 | |
Ros Comáin | ≤ 5 | |
Sligeach | ≤ 5 | |
Tiobraid Árann | ≤ 5 | |
Loch Garman | ≤ 5 | |
Cill Dara | 6 | |
Lú | 6 | |
Ciarraí | 6 | |
An Mhí | 6 | |
Port Láirge | 7 | |
An Iarmhí | 7 | |
Cill Mhantáin | 13 | |
Gaillimh | 13 | |
Luimneach | 14 | |
Corcaigh | 62 | |
Baile Átha Cliath | 172 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 17 Márta.
Ciallaíonn < 'níos lú ná'.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.