Ráiteas ón Aire Ryan ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí ar an Aeráid
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirim fáilte roimh ghealltanas an Uachtaráin Biden agus na Stát Aontaithe tráthnóna go laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoina leath faoin mbliain 2030 agus go mbeidh siad neodrach ó thaobh an fhuinnimh de faoin mbliain 2050 ar a mhoille. Is údar mór dóchais é seo agus is céim stóinsithe é, ar Lá an Domhain, i dtaca le bheith ag dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Is trí aontacht inár gcuid iarrachtaí amháin is féidir linn plé leis an athrú aeráide. Fáiltím roimh cheannasaíocht an Uachtaráin Biden maidir le gníomhú méadaithe ar son na haeráide agus roimh a thionscnaíocht i dtaca le práinn a instealladh sa dúshlán seo agus an Cruinniú Mullaigh seo á óstáil inniu. Caithfimid ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus a bheith ag oibriú i dtreo aistriú cóir inár dtír, ár gcuid réigiún agus ár gcuid pobal féin, agus ar fud an domhain chomh maith.
Tá gá le níos mó uaillmhéine agus le gníomhú níos tapúla má táimid le dul chun cinn a dhéanamh agus na gealltanais ar ghlac muid leo faoi Chomhaontú Pháras a réadú. Le huaillmhian mhéadaithe SAM a fógraíodh inniu, mar aon leis an sprioc úr mhéadaithe de ghearradh 55%, ar a laghad, ar astaíochtaí faoi 2030 a leag an tAontas Eorpach síos inniu, táthar tar éis caighdeán úrnua a shocrú do cheannairí an domhain i dtaca le bheith ag glacadh go fonnmhar le dúshlán an aistir i dtreo COP26. Is rud suntasach é freisin go bhfuil ceannairí eile ag cur lena n-uaillmhianta le haghaidh 2030, lena n-áirítear an tSeapáin, Ceanada agus an Afraic Theas.
Tá an uaillmhian atá le sonrú i ngealltanas SAM ag teacht le huaillmhian mhéadaithe na hÉireann mar atá leagtha amach sna forálacha i mbille Aeráide na hÉireann, bille a thug mé féin isteach san Oireachtas inné. Tá mise ag dearbhú tiomantas na hÉireann sa seisiún de chuid an Chruinnithe Mullaigh ar Oiriúnú agus Athléimneacht Aeráide tráthnóna agus tá bród orm a rá go bhfuil muintir na hÉireann réidh leis an bhfód a sheasamh.
Cuireann an reachtaíocht úr aeráide againn, atá le hachtú go gairid, ceanglas ar Éirinn neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a mhoille, agus laghdú 51% ar astaíochtaí faoi 2030 (i gcomparáid le 2018). Tá na spriocanna seo ar chuid de na spriocanna is uaillmhianaí atá ag tír forbartha ar bith, agus iad ag teacht go hiomlán leis na gealltanais a rinne muid faoi Chomhaontú Pháras agus le comhairle an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide.
Léirigh muid ceannasaíocht cheana féin leis an mbeartas forbartha idirnáisiúnta atá againn agus tá sé de rún againn céatadán an Chúnaimh Forbartha Oifigiúil a chaithimid ar an maoiniú aeráide a dhúbailt, ar a laghad, faoi 2030.
Is ábhar mórtais é d’Éirinn go dtacaíonn 99% dár maoiniú idirnáisiúnta aeráide le hoiriúnú ag agus in éineacht leis na tíortha is leochailí, arb iad na tíortha is lú a chuir leis an athrú aeráide. Tá sé seo bunaithe go láidir freisin ar dheontais.
Ní mór dúinn leanúint de bheith ag tacú le pobail áitiúla sna tíortha is tearcfhorbartha, lena n-áirítear feirmeoirí beaga, chun talamh a úsáid ar bhonn inbhuanaithe chun éiceachórais áitiúla a chosaint agus a athghiniúint. Brúfaimid an cheist seo chun cinn ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair i mbliana agus ag an gcruinniú COP26 i nGlaschú. Leanfaimid freisin de bheith ag tacú le hiarrachtaí i measc an phobail chun talmhaíocht atá críonna ó thaobh na haeráide de, mar atá déanta againn i dtíortha amhail an Mhaláiv le cúig bliana anuas, a chur chun cinn.
Is croífhócas é an t-oiriúnú freisin de chuid bheartas talmhaíochta na hÉireann. Ós tír muid a bhfuil earnáil mhór thalmhaíochta againn, aithnímid go bhfuil níos mó bia a sholáthar agus, san am céanna, muid a bheith ag dul i ngleic leis an athrú aeráide, ar cheann de na hathruithe polasaí is tábhachtaí atá romhainn, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Ní mór go mbeadh réitigh aeráide anseo sa bhaile ag tacú leis an oiriúnú agus an athléimneacht d’fheirmeacha teaghlaigh.
Ní hé amháin go bhfuil obair oiriúnaithe ardchaighdeáin, mar a dtabharfaí tús áite do réitigh nádúrbhunaithe, tábhachtach don aeráid agus don bhithéagsúlacht, is féidir freisin go gcuirfeadh sí le cothú na síochána. Is nasc é seo a thugann Éire isteach inár gcuid oibre taidhleoireachta aeráide níos leithne, lena n-áirítear ár ról ceannasaíochta ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i réimse na hAeráide agus na Slándála.