Fís Uile‑Oileáin d’Aois Nua an Iarnróid
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, tá an Roinn Iompair in Éirinn agus an Roinn Bonneagair (DfI) i dTuaisceart Éireann ag foilsiú Thuarascáil Deiridh an Athbhreithnithe Straitéisigh Iarnróid Uile-Oileáin, arna forbairt i gcomhthéacs an chomhaontaithe “New Decade, New Approach”. Leagann an Tuarascáil cheannródaíoch seo, arna formheas lena foilsiú ag Rialtas na hÉireann agus ag Aire DfI, fís straitéiseach amach d’fhorbairt córais iarnróid ar fud oileán na hÉireann sna blianta amach romhainn.
Leagann an Tuarascáil amach 32 moladh straitéiseach chun an córas iarnróid in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann a fheabhsú agus a leathnú suas go dtí 2050, rud a bheidh ag teacht leis na gealltanais carbóin ghlan-nialasacha sa dá dhlínse. Is é cuspóir na moltaí seo cáilíocht an chórais iarnróid a chlaochlú chun sochair do phaisinéirí agus don tsochaí i gcoitinne ar an oileán, trí acmhainn bhreise ráillrianta, leictriúchán, luasanna méadaithe agus minicíocht seirbhíse níos airde a bhaint amach. Ina theannta sin, mar chuid den fhís beidh iarnróid nua á dtógáil, go háirithe sa Lár-Réigiún Thuaidh agus san Iarthuaisceart, rud a chuirfidh le hinrochtaineacht agus le nascacht an chórais iarnróid.
Chuir an Tuarascáil deiridh san áireamh na freagraí a fuarthas ó dhréacht-Thuarascáil agus ó Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) a foilsíodh le haghaidh comhairliúchán poiblí anuraidh. Rinneadh na moltaí don chóras iarnróid a leagtar amach sa Tuarascáil a fhorbairt trí athbhreithniú fianaisebhunaithe a dhéanamh a chuir san áireamh spriocanna amhail nascacht, inbhuanaitheacht agus indéantacht eacnamaíoch. Ar an mbonn sin, beartaítear le moltaí na Tuarascála na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm sa chóras iarnróid ar an oileán:
Mar chuid den chur chuige fianaisebhunaithe, rinneadh breithmheas eacnamaíoch ardleibhéil a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh luach ar airgead le fáil ó mholtaí na Tuarascála. Measann an Tuarascáil gurb é an costas caipitil a bheadh i gceist le cur i bhfeidhm na moltaí ar fad faoi 2050 ná suim tuairim is €35bn-€37 billiún/£29-£31 billiún i bpraghsanna 2023, agus go gclúdódh an buntáiste don tsochaí a bhfuil luach airgid curtha air óna leithéid d’infheistíocht na costais, rud a chomhlíonfadh sprioc na hindéantachta eacnamaíoch. Chuirfí i bhfeidhm luacháil níos mionsonraithe i gcás tionscadail aonair a dtabharfaí chun cinn lena mbreithniú.
Dúirt Aire Iompair na hÉireann, Eamon Ryan:
“Is lá tábhachtach é seo d’oileán na hÉireann. Ní hamháin gurb í seo an chéad Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile‑Oileáin a rinneadh riamh, ach is ionann í freisin agus an fhís don iarnród is uaillmhianaí a cruthaíodh le céad bliain anuas, rud a thugann i dtreo aois nua iarnróid muid. Is de bharr an dlúthchomhair idir na hAireachtaí agus na gníomhaireachtaí ó thuaidh agus ó dheas gur féidir linn an fhís seo a chruthú.
“Ní hamháin go gcuireann an t-iarnród ar ár gcumas níos mó daoine agus lastais a iompar ar bhealach atá níos inbhuanaithe, ach is nasc iontach láidir an t-iarnród freisin a chuireann inrochtaineacht réigiúnach agus forbairt réigiúnach ar bhonn cothrom ar fáil. Soláthraíonn an Tuarascáil fís fhadtéarmach agus sraith moltaí maidir le forbairt inbhuanaithe an ghréasáin iarnróid ar an oileán. Ba mhaith liom go gcuirfí na moltaí sin i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, agus tá mé sásta go bhfuil an réamhobair faoi lán seoil anois, le cúnamh ón mBanc Eorpach Infheistíochta, rud a chabhróidh linn dul chun cinn a dhéanamh.”
Dúirt Aire DfI, John O’Dowd:
“Is ócáid stairiúil í foilsiú Thuarascáil Deiridh an Athbhreithnithe Straitéisigh Iarnróid Uile‑Oileáin, an chéad tuarascáil dá cineál a foilsíodh san oileán seo. Tá mé sásta go bhfuil an sprioc seo bainte amach againn. Cuireann an Tuarascáil creat fianaisebhunaithe ar fáil a thabharfaidh treoir dúinn maidir le hinfheistíocht a dhéanamh sa ghréasán iarnróid amach anseo, agus a chabhróidh linn ár ngealltanais aeráide a bhaint amach freisin. Is sampla den scoth an Tuarascáil den chomhoibriú ar thosaíochtaí trasteorann, agus beidh rath na n-uaillmhianta a leagtar amach inti ag brath ar an gcomhpháirtíocht leanúnach seo.
“Is ionann an foilseachán seo agus tús nua inar féidir todhchaí níos fearr a chruthú do chách trí phríomhsheirbhísí a dhícharbónú agus infheistíocht a dhéanamh i mbearta oiriúnaithe don athrú aeráide, agus ag an am céanna leanúint de thacaíocht a thabhairt don táirgiúlacht eacnamaíoch trí thionscadail, beartais agus reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Tríd an mbonneagar ceart a sholáthar, agus an infheistíocht chuí a dhéanamh ann, is féidir pobail tuaithe agus uirbeacha níos fearr a thógáil ón mbonn aníos.”
Is féidir rochtain a fháil ar Thuarascáil an Athbhreithnithe Straitéisigh Iarnróid Uile‑Oileáin agus ar Thuarascálacha MSC bainteacha eile ar shuíomhanna gréasáin na Roinne Iompair agus na Roinne Bonneagair (DfI) araon.
Cheana féin, sna míonna atá amach romhainn, beidh na seirbhísí iarnróid ar an oileán á bhforbairt d’fhonn fís na Tuarascála a bhaint amach. Cuimsíonn sé seo seirbhís traenach gach uair an chloig a chur i bhfeidhm idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, chomh maith le breis seirbhísí a chur ar fáil idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh. Ina theannta sin, tá próiseas soláthair ar bun faoi láthair i ndáil le flít traenacha “Enterprise” nua, atá níos tapúla agus níos inbhuanaithe, a thabhairt isteach ar an iarnród idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste.
Ar a bharr sin, tá obair á déanamh ag an Roinn Iompair agus DfI, agus ag gníomhaireachtaí ó thuaidh agus ó dheas, le cúnamh ó Sheirbhísí Comhairleacha an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (EIB), chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le moltaí na Tuarascála a chur i bhfeidhm sna blianta atá amach romhainn, agus an móiminteam a choimeád ag imeacht. Cuimsíonn sé seo sainaithint níos mionsonraithe a dhéanamh ar na tosaíochtaí iarnróid atá le cur i bhfeidhm sna blianta atá amach romhainn. Déanfar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm moltaí na Tuarascála a thuairisciú mar is cuí tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas.
Is féidir an tuarascáil a léamh anseo.