Seolann an tAire Scéim Fóirithinte do Dhamáiste ó Thuilte i gCuaille
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., scéim tacaíochta d'fheirmeoirí i gCuaille a ndeachaigh stoirm mhór i bhfeidhm orthu go déanach in 2023.
Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair/go luath i mí na Samhna 2023 bhí stoirm eisceachtúil ann i gCuaille. Rinne an stoirm damáiste fairsing do thailte talmhaíochta, fálú agus geataí mar chomh maith le farae agus leasachán stóráilte agus damáiste eile freisin.
Mhaígh an tAire:
“Tuigim go maith an tionchar a bhí ag an drochaimsir ar fheirmeacha i gCuaille. Cabhróidh an scéim tacaíochta seo le feirmeoirí an damáiste a rinneadh do thailte, agus do bhonneagar a chúiteamh agus cabhrú le haon chailliúint beatha agus leasacháin a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe.”
Cuirfidh an scéim cúnamh airgeadais ar fáil d'fheirmeoirí i dtreo na gcostas a bhaineann le:
• talamh talmhaíochta a athbhunú,
• caillteanas/damáiste d'fharae / leasachán
• agus deisiú/athsholáthar a dhéanamh ar fhálú/ geataí /bóithre feirme/lánaí damáistithe
Agus an tAire ag labhairt faoin scéim seo, dúirt sé:
“Bíodh is gur bhain tionchar na doininne le ceantar measartha beag de Chuaille, ba shuntasach an damáiste a rinneadh. Is tacaíocht ríthábhachtach í an scéim seo d'fheirmeoirí an réigiúin sin.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Mholfainn d'fheirmeoir atá thíos leis iarratas a dhéanamh agus aon doiciméad tacaíochta riachtanach a chur ar fáil chun gur féidir na hiarratais a phróiseáil go tráthúil.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
• Cuirfear pacáistí iarratais sa phost chuig na feirmeoirí sin a chuir iad féin in aithne don Roinn sna laethanta amach romhainn.
• Maidir leis na feirmeoirí sin nach bhfuil teagmháil déanta acu leis an Roinn go fóill, tá foirmeacha iarratais agus Téarmaí agus Coinníollacha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne: https://www.gov.ie/en/collection/73aea-schemes-and-services-agriculture-food-and-the-marine/
• Ní mór foirmeacha iarratais a bheith curtha isteach faoin 31 Iúil 2024
• Is féidir aon cheist maidir leis an scéim a chur chuig:
o Guthán (057) 8674422
o Ríomhphost: Floodrelief@agriculture.gov.ie