Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin An 17 Meitheamh 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, cuireadh 373* cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte.
Ag 8am inniu, tá 54 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 18 díobh sin san Aonad Dianchúraim. Tá 3 othar breise curtha chuig an ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Tá COVID-19 beagnach díothaithe sa daonra vacsaínithe anois. I gcás na ndaoine atá idir 50-65, atá ar tí cosaint iomlán a bheith acu mar thoradh ar vacsaíniú iomlán, tá an ráta teagmhais ag laghdú. Chomh maith leis sin, tá an ráta teagmhais ag laghdú i bhformhór na n-aoisghrúpaí, fianaise ar chomhlíontacht inmholta le bearta sláinte poiblí de réir mar atá an clár vacsaínithe á rolladh amach do níos mó agus níos mó daoine.”
“Má tá tú vacsaínithe go hiomlán is féidir leat filleadh ar an saol mar a bhí - bualadh le daoine eile atá vacsaínithe go hiomlán ó dhá theaghlach eile taobh istigh gan masc a chaitheamh nó aird a thabhairt ar scaradh sóisialta, agus bualadh le daoine nach bhfuil vacsaínithe ó theaghlach amháin eile taobh istigh agus gan masc a chaitheamh. Ba cheart do dhaoine atá ag feitheamh ar vacsaín leanúint ar aghaidh lena lámha a ní/a dhíghalrú go rialta, teagmhálaithe a rialú, sluaite a sheachaint, maisc a chaitheamh más cuí agus bualadh le daoine amuigh faoin aer.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte: >“Sonraítear i gcomhairle atá tugtha ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (NIAC) le déanaí nach bhfuil sé inmholta dáileoga vacsaíne a mheascadh. Mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil an dara dáileog de vacsaín AstraZeneca le fáil acu freastal ar an gcoinne agus an dara dáileog a fháil, lena chinntiú go mbeidh siad cosanta i gcoinne COVID-19."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta na hÉireann NPHET: “Tá feabhas ag teacht ar tháscairí uile an ghalair ag leibhéal náisiúnta. I mí Aibreáin/ Bealtaine bhí an teagmhas cobhsaí ag 400-500 cás sa lá – tá sé seo laghdaithe anois agus tá an meán 5 lá cothrom le 303. Tá an líon daoine san ospidéal laghdaithe ó 103 go dtí 57 le coicís anuas. Más féidir linn leanúint ar aghaidh leis na bearta sláinte poiblí agus leis an vacsaíniú agus le hathraithigh nua a choinneáil faoi smacht, Delta san áireamh, ansin feabhsóidh próifíl riosca COVIID-19 in Éirinn.”
Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar [external-link Dheais COVID-19 | https://covid19ireland-geohive.hub.arcgis.com/ ]lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH