Fógraíonn an tAire McHugh pátrúnacht ar sé iar-bhunscoil nua atá le bunú in 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D. an phátrúnacht ar sé iar-bhunscoil nua atá le bunú in 2020.
I ngach cás, ghlac an tAire le moltaí an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN).
Is cuid ríthábhachtach atá i bhfógra an lae inniu de na pleananna lena dheimhniú go mbíonn dóthain áiteanna scoile nua ar fáil chun freastal ar an gcohórt daltaí a bheidh ag méadú ag an iar-bhunleibhéal sna blianta atá le teacht.
Fógraíodh anuraidh na hiar-bhunscoileanna nua atá le bunú i mí Mheán Fómhair 2020 mar chuid de thiomantas an Rialtais infheistiú go trom san oideachas le 44 scoileanna nua atá le bunú idir 2019 agus 2022 chun freastal ar fhorbairt dheimeagrafach.
Dúirt an tAire,
“Bíonn roghanna tuismitheoirí mar phríomhchinnteoirí nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh maidir le scoileanna nua agus is cúis áthais dom a chur in iúl go bhfuil tuairimí na dtuismitheoirí, mar a tharla tríd an bpróiseas, léirithe go láidir sna cinntí atá déanta agam maidir le pátrúnacht na sé scoileanna nua seo.”
Cuirfidh na sé hiar-bhunscoileanna nua atá le bunú in 2020 líon suntasach áiteanna breise ar fáil do dhaltaí sna ceantair ar a mbeidh siad ag freastal agus beifear ábalta, eatarthu uile, freastal ar os cionn 5,000 dalta iar-bhunscoile nuair a bhíonn siad forbartha go hiomlán.
Ceantar | Limistéar Pleanála Scoile | An Phátrúnacht a Bronnadh | Teanga Teagaisc | Méid na Scoile* |
Áth Cliath 15 | Iarthar_Bhaile Bhlainséar_Áth Cliath15 & Sráidbhaile Bhaile Bhlainséar_Áth Cliath15 | Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Ciath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL) | Béarla | 800 |
Iarthar na Cathrach/ Teach Sagard | Tamhlacht & An Caisleán Nua_Ráth Cúil | Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Ciath agus Dhún Laoghaire (BOOÁCDL) | Béarla | 1,000 |
Cros Araild | Áth Cliath 6_Cluain Sceach & Áth Cliath 6W | Oideachas le Chéile | Béarla | 1,000 |
Baile na nGabhar | Baile na nGabhar_Stigh Lorgan_Dún Laoghaire Ráth an Dúin | Oideachas le Chéile | Béarla | 800 |
An Bóthar Buí | Limistéar Pleanála Scoile Cill Choca | Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (BOOLM) | Béarla | 500 |
Cill Mhantáin | Cill Chúile & Na Clocha Liath | Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin (BOOCDCM) | Béarla | 800 |
* = bunaithe ar an riachtanas réamh-mheasta reatha ach sofhreagrach d’éilimh dhéimeagrafacha
Léirigh an próiseas ar líne do roghanna tuismitheora rogha ag mionlach do Ghaeilge mar an teagna teagaisc. I ngeall ar leibhéal na roghanna don Ghaeilge mar theanga teagaisc, go háirithe i suirbhé cheantar Bhaile Átha Cliath 6/6W, beidh an Roinn i gcumarsáid le pátrúin ghaelcholáistí lán-Ghaeilge atá ann cheana agus leis na scoileanna nua lena dheimhniú go bhfreastalaítear ar an éileamh.
Chuir an tAire a bhuíochas in iúl do bhaill an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua dá n-ionchur ríluachmhar sa phróiseas a dheimhnigh próiseas oibiachtúil agus trédhearcach.
Tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Scoil-Nua-a-Bhunú/Iar-Bhunscoileanna-Nua.html
CRÍOCH
Tá na scoileanna go léir á mbunú chun freastal ar riachtanas déimeagrafach aitheanta.
Tá mionsonraí Thuairiscí na Measúnuithe do gach ceantar atá i gceist foilsithe freisin ar láithreán gréasáin na Roinne. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Scoil-Nua-a-Bhunú/Iarbhunscoil-Nua.html
Tá suíomhanna faighte cheana féin do thrí cinn de na sé scoileanna nua, gach ceann acu faoi réir ag cead pleanála:
I gcás na scoileanna nua a fógraíodh, tá fócas na Roinne faoi láthair dírithe ar na scoileanna atá le bunú in 2020 ionas go gcuirtear réitigh chóiríochta i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Tá an Roinn i mbun Bainisteoir Tionscadail a cheapadh chun tacú leis an obair agus tá roghanna do chóiríochtaí eatramhacha sealadacha do na scoileanna á n-athbhreithniú aici faoi láthair. Tá sé i gceist go ndéanfar na scoileanna atá le bunú i mí Mheán Fómhair 2020 a lonnú i gcóiríocht shealadach oiriúnach fad a bhítear ag fanúint le foirgnimh bhuana do na scoileanna.
Is féidir cinneadh a dhéanamh scoil nua a bhunú má tharlaíonn nach bhfuil an méadú daonra réamh-mheasta i limistéar pleanála scoile amháin mór go leor chun scoil nua a sholáthar, ach má dhéantar é a áireamh le méaduithe déimeagrafacha i limistéar maguaird, d’fhéadfadh go mbeadh dóthain éilimh do scoil inbhuanaithe. Déantar na scoileanna seo, a aithnítear mar Réitigh Réigiúnda, a phleanáil chun freastal ar níos mó ná limistéar amháin.
Limistéar | Limistéar Pleanála Scoile | Méid na Scoile* |
Áth Cliath 15 | Iarthar_Bhaile Bhlainséar_Áth Cliath15 & Sráidbhaile Bhaile Bhlainséar_Áth Cliath15 | 800 |
Baile na nGabhar | Baile na nGabharStigh Lorgan | 800 |
Dún Laoghaire Ráth an Dúin | ||
An Bóthar Buí | Cill Choca | 500 |
Iarthar na Cathrach/ Teach Sagard | Tamhlacht & An Caisleán Nua_ | 1000 |
Ráth Cúil | ||
Cros Araild | Áth Cliath 6_Cluain Sceach & | 1000 |
Áth Cliath 6W | ||
Cill Mhantáin | Cill Chúile & Na Clocha Liath | 800 |
* = bunaithe ar an riachtanas réamh-mheasta reatha ach sofhreagrach d’éilimh dhéimeagrafacha
Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo i 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua nuair a bhíonn machnamh déanta ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a bhíonn faighte. Ghlac an tAire McHugh le moltaí an Ghrúpa i ngach a bhain leis na sé hiar-bhunscoileanna atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2020.
Is iad baill an GBSN ná:
Tá doiciméid ábhartha ar fáil ag an nasc seo a leanas: Scoil Nua a Bhunú leathanach gréasáin