Fógraíonn an tAire Sláinte clár luathaithe vacsaínithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, TD tráthnóna go mbeidh luathú ar chlár vacsaínithe na tíre.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Faoi dheireadh na seachtaine seo, is é ár bplean breis agus 40,000 vacsaín a thabhairt d’oibrithe cúram sláinte túslíne agus d’fhoireann agus do chónaitheoirí tithe altranais. Tá an plean ar sprioc."
“Táimid chun dlús a chur lenár bplean do chónaitheoirí agus d’fhoireann in áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmacha - ciallaíonn sé sin tithe altranais chomh maith le hionaid chónaithe mheabhairshláinte agus mhíchumais."
“Bhí sé beartaithe againn an chéad dáileog den vacsaín a thabhairt do gach 75,000 cónaitheoir agus ball foirne faoi dheireadh mhí Eanáir. Tá an plean á luathú againn anois ionas go mbeimid in ann críochnú níos luaithe, rud a chiallaíonn go dtabharfar an chéad dáileog do gach cónaitheoir agus ball foirne sa choicís amach romhainn."
“Tá 65 foireann vacsaínithe tugtha le chéile againn lena n-áirítear vacsaíneoirí ospidéil, vacsaíneoirí pobail, vacsaíneoirí scoile agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna. Beidh vacsaínithe ar siúl seacht lá na seachtaine."
“Shocraigh muid cuid dár maolán seachtaine a úsáid toisc go raibh ár soláthar vacsaíní seasmhach agus fuaireamar dearbhú láidir ó Pfizer go leanfaidh sé sin ar aghaidh."
“Tá luas ríthábhachtach agus tá sé seo fíor go háirithe i gcás na ndaoine is leochailí inár sochaí."
Thug an tAire ar aird freisin fógra an Choimisiúin Eorpaigh inniu maidir le dáileoga breise de vacsaín Pfizer/BioNTech faoin gComhaontú Réamhcheannaigh a socraíodh thar ceann na mBallstát.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is dea-scéal é nuacht an lae inniu don Eoraip agus táim ag tnúth le hathbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna a chuirfear ar fáil d’Éirinn. Níl aon chinntí maidir le dáileoga breise a leithdháileadh ar Bhallstáit déanta ag an bpointe seo."
CRÍOCH