Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Céadaoin 27 Bealtine
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 17 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,631 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois*.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 25 Bealtaine, cuireadh 73 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 24,803 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Luain an 25 Bealtaine (24,730 cás):
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte; “Go dtí seo, tá biseach tagtha ar 90% de na cásanna a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19. Ach ní féidir linn stop a chur leis an obair chrua a bhaineann leis an víreas seo a chur faoi chois.
“Is galar nua é COVID-19. Tuigeann Éire agus an domhan níos mó faoin víreas anois ná mar a thuigeamar ag tús na géarchéime seo. Tá a fhios againn anois n-oibríonn níochán lámh, scaradh sóisialta agus fios maidir le cathain ba chóir féin-aonrú.
“Is iad na bearta seo an uirlis is éifeachtaí atá againn chun an víreas seo a chur faoi chois agus an ráta téarnaimh seo a choinneáil suas. Tá a fhios againn go dtuigeann formhór mór de mhuintir na hÉireann é seo, agus go bhfuil siad ag leanúint orthu go dtí an deireadh chun líon na gcásanna a choinneáil chomh híseal agus is féidir."
Dúirt an Dr. Siobhán Kennelly, Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta FSS agus Ceannaire Grúpa do Dhaoine Scothaosta: “Tá tionchar ag COVID-19 ar gach duine in Éirinn. Tuigimid go bhféadfadh daoine a bheith imníoch de réir mar a athosclaíonn an tír i gcéimeanna. Má chloímid le scaradh sóisialta, má nímid ár lámha go maith agus go minic agus má bhíonn a fhios againn cathain ba chóir féin-aonrú, is féidir linn an víreas seo a choinneáil faoi chois le chéile. "
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Tá éifeacht dhíreach ag an méid a dhéanaimid inniu ar an lá amárach. D’fhonn cosc a chur ar an dara hionsaí de COVID-19, ní mór dúinn a bheith airdeallach agus aireach. An bealach is fearr chun na daoine is leochailí atá againn a chosaint anois agus sa todhchaí is ea príomhchomhairle sláinte poiblí a leanúint."
CRÍOCH
Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr de 1,631 bás an méid sin.
Léiríonn taighde Amárach ar thuairimí poiblí a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte, a foilsíodh Dé Luain an 25 Bealtaine, an méid seo a leanas: