An tAire McConalogue ag lorg solúbthachta i leith an bhainistithe géarchéime de réir mar a théann feirmeoirí na hEorpa i ngleic le tarluithe adhaimsire leanúnacha
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag labhairt ag cruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh dó inniu, luaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, na dúshláin a bhaineann leis an aimsir atá roimh fheirmeoirí agus lorg sé solúbthacht i leith tarluithe dá leithéid sin a bhainistiú.
Dúirt an tAire:
“Tá tarluithe adhaimsire ag éirí níos coitianta le cúpla bliain anuas, ag cur le timthriall leanúnach na ndeacrachtaí atá á bhfulaingt ag earnáil na talmhaíochta.”
“Creidim gurb é an príomhriachtanas do chreat bainistithe géarchéime an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide ná a bheith chomh solúbtha agus is féidir chun an freagra is gasta a chur ar fáil. I gcomhráite roimhe seo, bhí sé soiléir nach gcuirfeadh riachtanais bhreise ach srian orainn, nuair is é cinneadh tráthúil an príomhthosaíocht.”
Luaigh an tAire McConalogue go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna an acmhainneacht airgeadais chun dul i dtaithí ar chúrsaí a bheith agat agus an diongbháilteacht chun seasmhacht a thógáil in earnáil na talmhaíochta:
“Agus seasmhacht á tógáil againn, ní mór dúinn cuimhneamh ar stádas eacnamaíoch na ngnóthas feirmeoireachta ionas nach leathnaítear an difríocht eatarthu féin agus an pobal i gcoitinne.”