Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luan 10 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuair aon duine bás de bharr COVID-19 a bheith orthu.
Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,772 san iomlán.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, 9 Lúnasa, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 57 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 26,768* cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.
De na cásanna a tuairiscíodh inniu:
Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de na hothair a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.
Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le heochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:
“Go dtí seo, is ar dhaoine ag teacht le chéile ag tabhairt tacaíocht dá chéile atá an iarracht náisiúnta bunaithe i gcoinne an Covid-19. Cé go n-iarrtar ar dhaoine i gCill Dara, i Laois agus in Uíbh Fhailí srian a chur ar a ngluaiseachtaí agus ar a gcuid idirchaidreamh sóisialta, agus iarrtar ar roinnt gnólachtaí a gcuid seirbhísí a shrianadh, tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil ról ag gach duine ar fud na tíre chun scaipeadh an ghalair seo a íoslaghdú i measc an phobail.”
Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte:
“Ó inniu, iarrtar oraibh aghaidhmhasc a chaitheamh i dtimpeallachtaí tráchtála taobh istigh cosúil le siopaí, ollmhargaidh, leabharlanna, músaeim, pictiúrlanna agus amharclanna. Ná déan dearmad bhur lámha a ní roimh an t-aghaidhmhasc a chur oraibh agus coimeád greim ar ar na lúbanna cluaise. Déan cinnte go gclúdaíonn sé do shrón agus do bhéal go teann. Nuair a bhaineann tú díot é, cuir i mála Ziploc é agus nuair a théann tú abhaile, cuir i níochán 60 céim é. Déan iarracht gan do lámh a leagan air agus tú á chaitheamh.
“Gach gníomh beag a dhéanaimid go laethúil, cosúil le haghaidhmhasc a chaitheamh sa siopa, is gníomh dlúthpháirtíochta é sin leis na hoibrithe chúram sláinte atá ar líne thosaigh na géarchéime sláinte poiblí seo ó thus.”
Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúram Comhtháite, FSS:
“Tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil na hiompraíochtaí sábháilte a iarrtar orainn a dhéanamh, go bhfuil siad deartha chun na grúpaí is leochailí sa tsochaí a chosaint ón ngalar an-dáinséarach seo. Tá an COVID-19 ag dul tríd ár bpobail fós, agus trí áiteanna plódaithe a sheachaint, ár teagmháil shóisialta a shrianadh agus scaradh amach óna chéile, táimid ag cabhrú leis an slabhra tarchurtha a bhriseadh, a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air ná go bhfaigheadh seanduine nó duine leochaileach an t-ionfhabhtú seo.”
DEIREADH
###Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd: