Osclaítear Ionad do na hAmharc-Ealaíona, Taibh-Ealaíona, agus Ealaíona Pobail in Uíbh Fhailí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, fáilte roimh ionad nua i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí do na hAmharc-Ealaíona, Taibh-Ealaíona agus Ealaíona Pobail, a d’oscail Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigín inniu.
Fuair Ionad Ealaíon na hEascrach deontas €2 mhilliún ó Roinn an Aire, mar chuid de mhórthionscadal chun ionad ealaíon nua-aimseartha agus bríomhar a chruthú don phobal áitiúil i dTulach Mhór, agus don phobal i gcoitinne, a thaistealóidh chun taitneamh a bhaint as an iliomad imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla a chuirfear ar fáil san ionad. Aithnítear san Ionad nua cheana féin an tábhacht a bhaineann le saothair le healaíontóirí gairmiúla agus pobalbhunaithe thar dhisciplíní amharclannaíochta, drámaíochta, amharc-ealaíon, ceoil, litríochta agus éascú ceardlainne a thaispeáint.
Tá príomh-halla taibhithe, gailearaithe taispeántais, seomraí feistis, spásanna cleachtaidh agus ceardlainne, amfaitéatar faoin aer, agus spásanna do stiúideonna ealaíontóirí aonair agus comhroinnte in Ionad Ealaíon na hEascrach.
Dúirt an tUachtarán:
“Tá lúcháir orm an áis phobail nua iontach seo do mhuintir an Tulaigh Mhór a oscailt inniu, Ionad Ealaíon na hEascrach. Bhí sé mar phribhléid agam choíche i mo shaol poiblí, go raibh deiseanna agam tábhacht na healaíona agus an chultúir mar fhoinse cothaithe an ghnáthshaoil laethúil a chur chun cinn. Go minic is tríd an idirbheartaíocht leis an litríocht, an drámaíocht, le ceol agus leis an ealaín go dtuigimid níos fearr an staid dhaonna, go mbíonn comhbhá againne le chéile, go dtugtar dúshlán, soileiriú nó borradh dár ndearcadh.
"Is trí dhearadh agus soláthair na spásanna pobail seo a thugaimid splanc don chruthaitheacht i measc ár saoránach agus sinn ag neadú na n-ealaíon sa dearadh fisiciúil inár limistéir, sa bhféilire phobail, agus i dtaithí an saoránaigh. Tá tiomantas don éagsúlacht sa chlár agus gníomhaíochtaí don phobal áitiúil agus don phobal i gcéin an-soiléir anseo in Ealaíona na hEascrach. Níl aon imní orm ach go mbeidh ról tábhachtach ag Ionad Ealaíon na hEascrach sa spás cultúrtha atá géarghá uainn as in Éirinn a chur ar fáil, agus sinn ar aistear chun poblacht ionchuimsitheach, chothrom, inbhuanaithe a thógáil, a leagann béim agus luach ard ar ealaíontóirí agus lucht na cruthaitheachta agus ar rannpháirtíocht sna healaíona i measc a saoránach uile.”
Dúirt an tAire Martin:
“Áis den scoth atá in Esker Arts Centre do na hamharc-ealaíona agus na taibh-ealaíona. Soláthrófar ann freisin ionad ealaíon pobail ríthábhachtach chun freastal ar na pobail áitiúla agus níos leithne. Léirítear i soláthar maoinithe €2 mhilliún mo Roinne don tionscadal ár dtiomantas chun cultúr agus ealaíona na hÉireann a chur chun cinn, a chothú agus a fhorbairt sna réigiúin. Tréaslaím le Comhairle Chontae Uíbh Fhailí as an Ionad Ealaíon a rabhthas ag súil leis le fada a sholáthar i dTulach Mhór.”