Fógraíonn an tAire McHugh próiseas iarratais um Ghráid Ríofa Ardteisteiméireachta d’fhoghlaimeoirí lasmuigh den scoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, Déardaoin 25 Meitheamh 2020, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, go bhfuil teagmháil dhíreach á dhéanamh le gach mac léinn Ardteistiméireachta 2020 lasmuigh den scoil chun iad a chur ar an eolas faoin bpróiseas iarratais do Ghráid Ríofa.
Tá ríomhphost á chur ag Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa chuig gach duine den 923 mac léinn chun cur síos a dhéanamh dóibh ar an bpróiseas is gá dóibh a leanúint le bheith san áireamh do Ghráid Ríofa.
Tá an próiseas leagtha amach sa Treoir um Ghráid Ríofa d’Fhoghlaimeoirí Lasmuigh den Scoil atá foilsithe anseo
Is éard atá i gceist le mac léinn Ardteistiméireachta lasmuigh den scoil ná duine a bhfuil ábhar nó ábhair á staidéar aige/aici ach nach bhfuil ag freastal ar iar-bhunscoil ná ar lárionad aitheanta eile ina mbíonn scrúduithe Ardteistiméireachta á reachtáil.
Dúirt an tAire Mc Hugh:
“Is cóir do gach duine de na mic léinn a bheith ag faire do ríomhphost ó Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa inniu. Beidh eolas tábhachtach ann faoin bpróiseas a bheidh le leanúint acu.
“Gríosaim gach mac léinn ar mian leo leas a bhaint as Grád Ríofa an fhoirm a chur ar ais go pras.”
Sa phróiseas do mhic léinn lasmuigh den scoil, is é an cur chuige céanna a bheidh i gceist agus a bhaineann leis na bunphrionsabail a chuir scoileanna i bhfeidhm i gcás na nGráid Ríofa dá gcuid mac léinn. Tá an dá scéim bunaithe ar phrionsabail na hoibiachtúlachta, na cothroime agus an chothromais.
Iarrfar ar mhic léinn sa ghrúpa seo iarratas a dhéanamh chuig Oifig Feidhmiúcháin na nGráid Ríofa (OFGR) tríd an fhoirm iarratais, ina mbeidh na sonraí faoina rannpháirtíocht sa teagasc do gach ábhar ar leith, a sheoladh ar phost cláraithe faoin Déardaoin 2 Iúil 2020.
Féachann na socruithe leis an oiread mac léinn lasmuigh den scoil agus is féidir a áireamh sa chóras Gráid Ríofa ar an gcoinníoll go bhfuil fianaise inchreidte, shásúil ann ó fhoinse iomchuí, ar féidir marc céatadáin measta a bhunú uirthi.
Tar éis don OFGR an t-iarratas a mheas, déanfar marc céatadáin measta a lorg ón bhfoinse a ainmneoidh an mac léinn agus déanfar breithniú faoin bhféidearthacht glacadh leis an marc measta de réir phrionsabail agus riachtanais na scéime.
Beidh fáil ag mic léinn ar phróiseas achomhairc a chuimseoidh grinnscrúdú neamhspleách ar an bpróiseas.
D’fháiltigh an tAire McHugh freisin roimh chinntí institiúidí ardoideachais (IAO) díolúintí a dheonú do mhic léinn nach bhfuil sé indéanta dóibh Grád Ríofa a fháil.
Dúirt an tAire:
“Beidh an fhorbairt seo tábhachtach do mhic léinn go mb’fhéidir, murach sin, nach mbeadh ar a gcumas roinnt íos-bhunriachtanas a shásamh. Táim faoi chomaoin ag na hinstitiúidí ardoideachais a bhí rannpháirteach leis an Roinn sa ghnó tábhachtach seo.”
Tá ráiteas eisithe ag Cónaidhm na nOllscoileanna (IUA) ina dtugtar na mionsonraí maidir le díolúine.
Dheimhnigh an Roinn freisin nach mbaineann an próiseas maidir le teagmháil ríomhphoist a dhéanamh le mic léinn lasmuigh chun iad a chur ar an eolas faoi phróiseas na n-iarratas ar Ghráid Ríofa ach le mic léinn nach bhfuil aon cheangal acu le scoil.
Ní bhaineann an chuid seo den phróiseas do Ghráid Ríofa don Ardteistiméireacht 2020 le mic léinn scoile a bhfuil ábhar breise á staidéar acu lasmuigh den scoil.
Tá próiseas ar leith ann do mhic léinn atá ag freastal ar scoil ach a raibh ábhar nó ábhair Ardteistiméireachta eile á staidéar acu lasmuigh den scoil.
Tá eolas breise air seo agus ar gach gnó a bhaineann le próiseas na nGrád Ríofa ar fáil ag anseo
Foghlaimeoirí lasmuigh den scoil
I bpróiseas na nGrád Ríofa tá mic léinn a chuir isteach ar na scrúduithe mar iarratasóirí seachtracha agus a thug le fios nach raibh siad ag freastal do theagasc ag aon scoil, ná aon lárionad oideachais aitheanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar mhaithe le scrúduithe a reachtáil.
Tá 923 mac léinn sa chatagóir seo, agus eatarthu tá siad tar éis cur isteach ar 1,835 ábhar. De na daltaí seo, tá ábhar amháin á dhéanamh ag 723 díobh.
Tá mionsonraí eolais ar fáil sa Treoir do Ghráid Ríofa d’Fhoghlaimeoirí Lasmuigh den Scoil faoin tslí ina bhfeidhmeoidh an próiseas, lena n-áirítear:
Mic léinn a bhfuil ábhar nó ábhair á staidéar acu lasmuigh den scoil
Tá tuairiscí á fháil ag Oifig Feidhmiúcháin na nGrád Ríofa ó scoileanna ar na mic léinn a bhfuil ábhair á dhéanamh acu lasmuigh den scoil agus nach raibh ar chumas na scoileanna marc céatadáin measta a sholáthar d’ábhar ar leith.
Nuair a bhíonn na tuairiscí ó na scoileanna breithnithe ag an OFGR déanfar teagmháil leis an scoil lena dheimhniú muna bhféadfadh an próiseas a cuireadh i bhfeidhm le teacht ar chinneadh marc measta a sholáthar.
Déanfar gach iarracht grád ríofa a sholáthar don oiread mac léinn agus is féidir, pé acu foghlaimeoirí lasmuigh den scoil nó foghlaimeoirí scoile a bhfuil ábhair á dhéanamh acu lasmuigh den scoil, ar an gcoinníoll go bhfuil fianaise inchreidte, shásúil ann ó fhoinse iomchuí ar féidir marc céatadáin measta a bhunú uirthi.
Munar féidir a leithéid a dhéanamh, beidh an deis ag na mic léinn scrúduithe na hArdteistiméireachta 2020 a dhéanamh ag dáta níos déanaí nuair a bheidh sé slán a leithéid a dhéanamh.
An Máithreánach/Iós-Bhunriachtanais Iontrála
Cinneadh Chónaidhm Ollscoileanna na hÉireann (IUA) maidir le díolúintí don mháithreánach / íos-bhunriachtanais iontrála
Tá sé nótáilte sa ráiteas ón IUA go ndéanfar díolúine a dheonú do mhic léinn, in imthosca urghnácha 2020, a rinne iarratas ar Ghrád Ríofa in ábhar nó ábhair don Ardteistiméireacht 2020 d’fhonn an máithreánach / na híos-bhunriachtanais iontrála a shásamh agus nach raibh ar chumas an OFGR grád a bhronnadh san ábhar / sna hábhair ar mhaithe leis an máithreánach / na híos-bhunriachtanais iontrála amháin.
Ní bheidh pointí ar fáil don ábhar / do na hábhair a bhfuil díolúine tugtha dóibh agus ní féidir an díolúine a úsáid chun riachtanais bhreise clár a shásamh sa bhreis ar an máithreánach/ na híos-bhunriachtanais iontrála.
Deonófar na díolúintí seo go huathoibríoch agus ní bheidh ar mhic léinn iarratas aonair a dhéanamh. Tá sonraí iomlán an ráitis ar fáil ar láithreán gréasáin an IUA.