Fáiltíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil an Chláir Sláinte Náisiúnta do Mhná & do Naíonáin, 2020.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bunaíodh an Clár Sláinte Náisiúnta do Mhná & do Naíonáin i FSS chun bainistíocht, eagrú agus seachadadh seirbhísí máithreachais, gínéiceolaíochta agus nuabheirthe a threorú, ag neartú seirbhísí den sórt sin trí obair a dhéantar faoi láthair ar fud cúraim phríomhúil, phobail agus ghéarmhíochaine.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá roinnt oibre an-tábhachtach déanta ag an gClár Sláinte Náisiúnta do Mhná & do Naíonáin i bhforbairt seirbhísí sláinte ban ó bunaíodh é in 2017, go háirithe i seirbhísí máithreachais, ach freisin i réimsí na seirbhísí cóireála gínéiceolaíochta, torthúlachta agus ionsaithe gnéis. Tá dul chun cinn agus éifeacht dhearfach na hoibre sin le feiceáil sa Tuarascáil seo, áit a bhfeicimid go soiléir buntáistí suntasacha do mhná agus do theaghlaigh atá ag fáil rochtana ar sheirbhísí máithreachais."
Sonraíonn an Tuarascáil Bhliantúil dul chun cinn suntasach i raon réimsí, mar shampla, forbairt agus imscaradh leanúnach an chosáin chúraim tacaithe ar fud seirbhísí máithreachais, agus cuireadh 12 phost breise Ardchleachtóra Cnáimhseachais (AMP) leis, rud a chinntigh go raibh post amháin den sórt sin ar a laghad ag gach ceann de na 19 seirbhís máithreachais in 2020
Feabhsaíonn sé seo leanúnachas cúraim do mhná, tacaíonn sé le sineirgí níos mó idir cosáin cúraim na Straitéise agus soláthraíonn sé níos mó rogha do mhná. Rud atá tábhachtach, in 2020 rolladh amach Múnlaí Cúraim do Gínéiceolaíocht Siúil agus Neamhthorthúlacht, a dearadh chun rochtain a sholáthar ar sheirbhísí torthúlachta atá ar fáil go poiblí ag leibhéal cúraim thánaistigh agus chun seirbhís gínéiceolaíochta níos inbhuanaithe a chinntiú. Lean an obair sin ar aghaidh i rith 2021 freisin.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm go ndearna muid infheistíocht shuntasach i gcur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Máithreachais in 2021 agus arís in 2022 le maoiniú breise de bheagnach €9m do sheirbhísí máithreachais agus os cionn €5 milliún do sheirbhísí gínéiceolaíochta. Cinnteoidh sé seo go gcuirfear an Straitéis Náisiúnta Máithreachais i bhfeidhm go leanúnach in 2022 agus ina dhiaidh sin. Mar Aire, de réir na ngealltanas a tugadh sa Chlár Rialtais chun torthaí Sláinte na mBan a fheabhsú, ba mhaith liom forbairt leanúnach seirbhísí máithreachais shábháilte, ardchaighdeáin, chaighdeánaithe a thacaíonn le torthaí sláinte níos fearr do mhná a chinntiú."