Fáilte curtha ag an Aire McConalogue roimh an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) chuig Baile Átha Cliath
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d'fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, roimh thoscairí chuig comhdháil bhliantúil na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) atá á reáchtáil in Ionad Comhdhála an Aviva i mBaile Átha Cliath idir an 19-22 Meán Fómhair.
Tá an chomhdháil mhuirí idirnáisiúnta mór le rá seo á hóstáil ag Éirinn an tseachtain seo agus beidh eolaithe mara mór le rá i mbun cainte, plé agus díospóireachta faoin eolaíocht cheannródaíoch is déanaí atá ag tacú le húsáid inbhuanaithe a bhaint as ár n-aigéin.
Táthar ag súil go mbeidh breis is 500 duine i láthair ag an gcomhdháil agus tá go leor daoine eile cláraithe a bhfuil sé beartaithe acu freastal ar an gcomhdháil go cianda/ar líne. Tá an t-imeacht seo eagraithe ag Foras na Mara (MI) in Éirinn thar ceann na tíre óstaí, le tacaíocht ó Bhord Iascaigh Mhara (BIM) i gcomhpháirt leis an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) i gCóbanhávan.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue inniu le linn dó fáilte a chur roimh thoscairí na comhdhála a thaistil chuig an tIonad Comhdhála agus a bhí ag freastal ar líne:
“Tá ardmheas ag Éirinn ar an obair atá á déanamh ag ICES atá ríthábhachtach chun tacú le húsáid inbhuanaithe ár n-aigéan. I ndiaidh comhdhálacha fíorúla a reáchtáil le dhá bhliain anuas, cúis áthais dúinn gur roghnaíodh Éire chun an chéad chomhdháil ICES le 3 bliana anuas a bhfuil cead ag daoine freastal uirthi a reáchtáil, deis do chuid de na heolaithe mara is mó le rá ar domhan teacht le chéile agus taighde ceannródaíoch a roinnt agus a phlé agus comhpháirtíochtaí agus caidrimh thábhachtacha a bhunú. Tá an deis seo taighde a roinnt níos tábhachtaí anois ná riamh de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag na haigéin sa gheilleagar, sa timpeallacht agus inár saol laethúil anseo in Éirinn agus ar fud an domhain. Trí thaighde a roinnt agus a phlé cinnteofar go dtuigimid poitéinseal ár n-aigéin agus conas an poitéinseal sin a bhainistiú go hinbhuanaithe do ghlúnta an lae inniu agus glúnta na todhchaí.”
Beidh an príomhsheisiún oscailte á stiúradh ag Éirinn ar an gcéad lá den chomhdháil. Beidh an seisiún seo á mhodhnú ag an Dr Glenn Nolan, Ceann na Seirbhísí Aigéaneolaíochta agus Aeráide i bhForas na Mara. I rith an tseisiúin scrúdófar tionchair na hathraithe aeráide ar uiscí an Atlantaigh Thuaidh/na hÉireann agus beidh deis ag eolaithe mara éagsúla a gcuid saineolais a roinnt, lena n-áirítear – an tOllamh Dave Reid, Foras na Mara; Eimear Manning, Comhairle Náisiúnta na nÓg; an Dr Grace Cott, UCD agus an Dr Gerard McCarthy, OÉ Mhád Nuad. Beidh béim ar leith á leagan ar athruithe teochta san Atlantach, athrú ar dháileadh stoc éisc, tionchair ar ghnáthóga ar an gcósta a stórálann carbón agus pobail cois cósta agus a slite maireachtála i rith an tseisiúin seo.
Tá an t-eolas ar fad maidir leis an gcomhdháil le fáil ag ICES ASC 2022.