Searmanas ardaithe brataí ag Tithe an Rialtais chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chomóradh 101 Bliain Éirí Amach na Cásca
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chun Chomóradh 101 Bliain ar Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh, thit searmanas gearr ardaithe brataí amach inné, an 13 Aibreán, i gClós Thithe an Rialtais i láthair an Taoisigh agus d’fhreastail foireann na Roinne air.
I gcomhréir leis na Treoirlínte a rialaíonn úsáid a bhaint as an mBratach, is gnách nach dtaispeántar an Bhratach Náisiúnta taobh amuigh ach amháin idir éirí agus luí na gréine, seachas nuair a bhíonn cruinniú poiblí, mórshiúlta nó sochraidí poiblí ar bun, tráth inar féidir í a thaispeáint d’fhad na hócáide sin.
Foráiltear sna Treoirlínte, áfach, gur féidir an Bhratach Náisiúnta a chur ar foluain istoíche chomh maith le i rith an lae, a fhad agus a bhíonn sí faoi sholas ceart ag gach tráth.
Mar gheall gur suiteáladh spotsoilse lasmuigh de Thithe an Rialtais, is féidir an Bhratach Náisiúnta a chur ar foluain ag gach tráth.