Fógraíonn Hackett síneadh ar an dáta deiridh don Scéim Feirmeoireachta Orgánaí, go dtí an 15 Nollaig 2023
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, go bhfuil an dáta deiridh le hiarratais a fháil ar an Scéim Feirmeoireacht Orgánaí á shíneadh go dtí Dé hAoine an 15 Nollaig, agus go leanfar ag glacadh le hiarratais go dtí an dáta seo. Tacaíonn an scéim leis na huaillmhianta atá leagtha amach i Straitéis Fhís Bia 2030 na hÉireann, agus rannchuidíonn sé go díreach le cuspóirí Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027 na hÉireann a bhaint amach, agus cuireann sí go mór le Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide, de chuid na hÉireann a bhfuil sé mar aidhm aige an t-achar a shaothraítear go horgánach a mhéadú go 10% faoi 2030.
Ag labhairt di faoin síneadh, dúirt an tAire Hackett:
“Tá an tsraith siúlóidí feirme, seimineár gréasáin agus imeachtaí taispeántais a reáchtáladh ar fud na tíre i mbliana tar éis suim shuntasach a chothú ó fheirmeoirí in aistriú go feirmeoireacht orgánach. Chun an deis is mó a chinntiú dóibh siúd ar spéis leo iarratas a dhéanamh le linn thréimhse na scéime reatha, chinn mé síneadh seachtaine eile a chur leis an dáta deiridh, Dé hAoine an 15 Nollaig 2023. D'éist mé le feirmeoirí agus lena gcomhairleoirí maidir leis an ngá atá leis an síneadh seo. Tuigim an brú atá ar chomhairleoirí talmhaíochta agus an gá atá le ham d’fheirmeoirí chun cinneadh eolasach iomlán a dhéanamh maidir le haistriú go feirmeoireacht orgánach. Chuir Bord Bia tús leis an bhfeachtas fógraíochta orgánaí is mó riamh an mhí seo caite, a chuideoidh le héileamh tomhaltóirí in Éirinn a spreagadh agus ba cheart go mbeadh feirmeoirí muiníneach as todhchaí na feirmeoireachta orgánaí in Éirinn.”
Lean an tAire ar aghaidh:
“Is iad feirmeoirí na chéad daoine a fuair taithí ar thionchair an athraithe aeráide, agus chuir siad a gcórais feirmeoireachta in oiriúint i gcónaí chun dul i ngleic le cibé dúshlán atá rompu. Tá súil agam go dtabharfaidh an spriocdháta sínte am dóibh na buntáistí a bhaineann le feirmeoireacht orgánach a mheas go hiomlán. Agus costais arda ionchuir ar fheirmeoirí, tugann an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí deis do theaghlaigh feirme éagsúlú, agus mholfainn go mór d’fheirmeoirí smaoineamh ar leas a bhaint as an ardleibhéal tacaíochtaí atá á chur ar fáil ag mo Roinn dóibh siúd a aistríonn go feirmeoireacht orgánach.”
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a áirithíonn soláthar cobhsaí bia, a chosnaíonn ioncam feirmeoirí, a chosnaíonn an comhshaol agus a choimeádann beocht i gceantair thuaithe. Cuireann tíortha AE CBT chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an AE.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.gov.ie/cap