Deimhníonn an tAire McConalogue go bhfuil tús curtha le €5m in íocaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Leasa Mairteola Déiríochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Leasa Mairteola Déiríochta (SNLMD). San iomlán, tá tús curtha le breis is €5 milliún a eisiúint do thart ar 8,000 feirmeoir rannpháirteach.
Dúirt an tAire,
“Tá lúcháir orm a dheimhniú go bhfuil tús curtha anois le híocaíochtaí faoin Scéim Náisiúnta Leasa Mairteola Déiríochta, ag cur leis an raon scéimeanna tacaíochta atá ar fáil d’fheirmeoirí mairteola.”
Cuidíonn an scéim le tacú le cinnteoireacht ar fheirmeacha trí shonraí ar cháilíocht níos fearr ar fheidhmíocht tréada agus chun éifeachtúlacht eacnamaíoch agus comhshaoil na mairteola ón tréad déiríochta a mhéadú, agus chun comhtháthú na n-earnálacha déiríochta agus mairteola a éascú tuilleadh trí thacaíocht a sholáthar d’fheirmeoirí atá ag tógáil sleachta ón tréad déiríochta.”
Ba é príomhghníomhaíocht na scéime ná laonna incháilithe a mheá roimh an 1 Samhain 2023 agus bhí íocaíocht de €20 in aghaidh an lao suas go huasmhéid 50 lao (méadú ó 40 lao sa Scéim Leasa Mairteola Déiríochta 2022).
Mar fhocal scoir dúirt an tAire,
“Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí faoi na scéimeanna seo don earnáil mairteola agus tá próiseáil na n-íocaíochtaí sin chomh luath agus is féidir ina phríomhthosaíocht do mo Roinnse.”
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfadh sé suas le 5 lá a thógáil go dtí go bhfuil na híocaíochtaí i gcuntais na bhfeirmeoirí.
CRÍOCH