Cuairt le tabhairt ag an Aire Doyle ar an tSlóivéin, ar an gCróit agus ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirfidh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle TD, tús inniu lena chúirt Lá Fhéile Pádraig chuig an tSlóivéin, an Chróit agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin mar chuid de Chlár an Rialtais chun Éire a chur chun cinn.
Dúirt an tAire Doyle inniu:
"Beidh ról mór ag an gcuairt seo chun caidrimh dhéthaobhacha láidre a neartú leis an trí thír sin, Éire a chur chun cinn agus tabharfar deis domsa an nuacht is déanaí maidir leis an mBreatimeacht a chur ar fáil.I gcomhthéacs na Ríochta Aontaithe a bheith ag imeacht as an AE ar an 29 Márta, b'fhéidir, is é dearcadh Rialtas na hÉireann i gcónaí é gurb é an bealach is fearr lena chinntiú go n-imeoidh an Ríocht Aontaithe ar bhealach ordúil agus go gcosnaítear Comhaontú Aoine an Chéasta agus sláine an Mhargadh Aonair ná an Comhaontú Aistarraingthe a dhaingniú.”
Beidh roinnt cruinnithe déthaobhacha ag an Aire Doyle le linn a chuairte in éineacht.
Dúirt an tAire chomh maith:
"Tá buiséad leordhóthanach a choinneáil do CAP i ndiaidh 2020 ina phríomhthosaíocht d'Éirinn. Tá béim níos mó air sin anois de bharr an Bhreatimeachta. Táim ag súil le casadh le mo chuid comhghleacaithe sa tSlóivéin agus sa Chróit chun todhchaí CAP i ndiaidh 2020 a phlé."
Tabharfaidh an tAire Doyle cuairt ar Óglaigh na hÉireann atá ag fónamh i gCampa EUFOR taobh amuigh de Shairéavó nuair a bheidh sé sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin.
CRÍOCH
Is féidir teacht ar eolas faoin mBreatimeacht ag www.gov.ie/brexit.