Seolann an tAire Humphreys Comhairliúchán Poiblí ar an athbhreithniú ar an Scéim Fóirdheontais Pá
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, comhairliúchán poiblí inniu maidir leis an athbhreithniú ar an Scéim Fóirdheontas Pá.
Tá sé mar aidhm ag an Scéim Fóirdheontas Pá tacú le daoine faoi mhíchumas le dul isteach i bhfostaíocht trí fhóirdheontas d’fhostóirí san earnáil phríobháideach.
Beidh an comhairliúchán ar siúl thar na ceithre seachtaine atá romhainn agus beidh sé mar chuid d’athbhreithniú níos leithne ar an scéim.
**Agus í ag seoladh an chomhairliúcháin phoiblí inniu,
dúirt an tAire Humphreys:**
“Ba mhian liom go n-oibreoidh an scéim seo do dhaoine faoi mhíchumas agus d’fhostóirí. Mar sin de, ba mhaith liom do thuairim a chloisteáil ar an scéim reatha agus aon smaointe atá agat ar conas is féidir í a fheabhsú.
“Tá an scéim seo tábhachtach. Cuidíonn sí le hionaid oibre a dhéanamh níos cuimsithí agus téann an chuimsiú chun tairbhe gach duine; gnólachtaí, daoine aonair, agus an tsochaí.
“Molaim do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl – seo deis d’fhostóirí, do dhaoine faoi mhíchumas, agus do ghrúpaí ionadaíocha a dtuairimí a roinnt ar conas is féidir an scéim reatha a fheabhsú.”
Is iad na Téarmaí Tagartha don athbhreithniú ar an Scéim Fóirdheontas Pá:
1. Chun cúlra na Scéime Fóirdheontas Pá agus treochtaí le déanaí a leagan amach go hachomair
2. Dea-chleachtas idirnáisiúnta a aithint i scéimeanna fóirdheontais fostóra do dhaoine faoi mhíchumas
3. Chun éifeachtúlacht na scéime a mheasúnú, lena n-áirítear trí thagairt a dhéanamh do:
- glacadh agus inrochtaineacht na scéime
- dul chun cinn na rannpháirtithe
- rialachas
- éifeachtacht ó thaobh costais de
4. Torthaí, conclúidí agus moltaí a leagan amach chun an scéim a mhionchoigeartú agus a leathnú, de réir ghealltanais an Chláir Rialtais.
Tá na suirbhéanna agus faisnéis faoin gcomhairliúchán poiblí seo ar fáil ar www.gov.ie/WSSReview.
Beidh an comhairliúchán ar siúl thar na ceithre seachtaine atá romhainn agus druidfidh sé ar 5pm Dé hAoine, 21 Iúil 2023.
Nóta d'Eagarthóirí:
Tá sé mar aidhm ag an Scéim Fóirdheontas Pá tacú le daoine faoi mhíchumas dul isteach i bhfostaíocht trí fhóirdheontas d'fhostóirí san earnáil phríobháideach.
Íocann an scéim íosráta fóirdheontais de €6.30 san uair leis an bhfostóir, ar féidir é a mhéadú go €9.45 in aghaidh na huaire ag brath ar líon na ndaoine atá fostaithe faoin scéim.
Caithfidh an conradh fostaíochta atá á thairiscint a bheith 21 uair sa tseachtain ar a laghad agus is féidir fóirdheontas a éileamh ar feadh 39 uair sa tseachtain ar a mhéad.
Tá tuilleadh eolais faoin scéim ar fáil anseo.