Iarratais oscailte ag an Aire Humphreys don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá iarratais oscailte inniu ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil 2023, atá méadaithe i mbliana chun na dúshláin leanúnacha maidir le Costas Maireachtála a léiriú.
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe i leith costas éadaí agus coisbhirt scoile.
Tá na rátaí íocaíochta do 2023 méadaithe de €100 in aghaidh an linbh go €260 do leanaí 4 - 11 bliana d’aois agus go €385 do leanaí 12 bhliain d’aois agus níos sine in oideachas dara leibhéal.
Ag oscailt na n-iarratas inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil do 2023 oscailte d’iarratais inniu.
“Mar Aire, aithním go mór na brúnna atá ar theaghlaigh maidir le costais a bhaineann le filleadh ar scoil agus tá áthas orm beagnach €90 milliún a fháil don scéim i mbliana.
“Mar chuid de roinnt beart spriocdhírithe costas maireachtála a fógraíodh i mí Feabhra, d’éirigh liom méadú €100 a chinntiú do gach leanbh arís i mbliana.
“Tá an scéim seo chomh tábhachtach sin ó thaobh tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí agus iad ag dul i ngleic leis na costais a bhaineann le filleadh ar scoil sna seachtainí amach romhainn.
“Tríd an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil atá meadaithe, chomh maith leis an €100 breise a íocadh maidir le Sochar Linbh an tseachtain seo, táimid ag déanamh gach is féidir linn chun tacú le teaghlaigh ar fud an Stáit.”
Íocfar formhór na n-íocaíochtaí go huathoibríoch gan aon fhoirm iarratais de dhíth. Íocfar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil go huathoibríoch le níos mó ná 120,000 teaghlach i leith tuairim is 210,000 leanbh le linn na seachtaine dar tús an 10 Iúil.
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí ag próiseáil na n-íocaíochtaí seo faoi láthair agus gheobhaidh custaiméirí dearbhú ina gcuirfear in iúl dóibh go bhfuil siad i dteideal go huathoibríoch, ar a gcuntas MyWelfare nó sa phost. Íocfar thart ar €70 milliún leis na teaghlaigh seo le linn na seachtaine dar tús an 10 Iúil.
Ba chóir do theaghlaigh nach bhfaigheann fógra ón Roinn maidir le híocaíocht uathoibrithe iarratas a dhéanamh ar líne ar www.MyWelfare.ie fiú má fuair siad íocaíocht anuraidh. Is féidir iarratais ar líne a dhéanamh ó inniu, Déardaoin, 8 Meitheamh.
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Mar a tharla sna blianta roimhe seo, íocfar níos mó ná 80 % d’íocaíochtaí faoin scéim seo gan gá le hiarratas a dhéanamh. Eiseoidh mo Roinn íocaíochtaí uathoibríocha do níos mó ná 120,000 teaghlach i mí Iúil, agus mholfainn do gach teaghlach a n-incháilitheacht don scéim thábhachtach seo a sheiceáil.”
Nóta don Eagarthóir
Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe i leith costas éadaí agus coisbhirt scoile.
Is é €260 an liúntas a íoctar do gach leanbh incháilithe atá 4-11 bliana d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2023 agus íoctar liúntas €385 do gach leanbh incháilithe idir 12 agus 22 bhliain d’aois ar nó roimh an 30 Meán Fómhair 2023. Ní mór do mhic léinn atá idir 18 agus 22 bhliain d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas lánaimseartha dara leibhéal i scoil aitheanta nó i gcoláiste aitheanta sa bhfómhar 2023 chun teidlíocht ar íocaíocht a choinneáil.
Tá línte teileafóin tiomnaithe á gcur ar fáil ag an Roinn 071-9193318 agus 0818-11-11-13 chun ceisteanna a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt le linn gnáthuaireanta oibre ó Luan go hAoine ó 9.00am go 5.00pm. Tá sé mar rogha ag daoine freisin ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie má tá fiosrúchán acu maidir lena n-iarratas nó a dteidlíocht.
Is é an 30 Meán Fómhair 2023 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil.
Tá tuilleadh eolais ar na critéir incháilitheachta don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt um Fhilleadh ar Scoil ar fáil ag www.gov.ie/bscfa.