Tairseach gréasáin nua de chuid FSS chun dátaí athoscailte a shonrú maidir le gach seirbhís lae míchumais - an tAire Rabbitte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Stáit le freagracht as Míchumais, Anne Rabbitte TD, inniu na tacaíochtaí breise atá i bhfeidhm chun seirbhísí lae míchumais a athoscailt ó Lúnasa ar aghaidh.
Reáchtáil an tAire Rabbitte cruinniú le FSS Dé Máirt chun an dul chun cinn atá á dhéanamh chun seirbhísí lae míchumais a athoscailt ó Lúnasa ar aghaidh agus an gá le soiléireacht bhreise d’úsáideoirí seirbhíse maidir le cathain a athosclófar seirbhísí.
Dúirt an tAire Rabbitte
“Bhí sé deacair do chách seirbhísí lae a dhúnadh, agus tá fonn orm seirbhísí a athoscailt a luaithe agus a bheidh sé sábháilte déanamh amhlaidh. Táim ag obair le FSS lena chinntiú go bhfuil an dóthain tacaíochtaí i bhfeidhm chun seirbhísí a athoscailt ó Lúnasa ar aghaidh.
“Tá sé de dhualgas ar gach soláthraí seirbhíse aonair a ndáta athoscailte a chur in iúl agus ba cheart go mbeadh formhór na soláthraithe seirbhíse i dteagmháil le teaghlaigh ag an bpointe seo. Táthar ag súil go n-athosclófar seirbhísí i rith Lúnasa agus Meán Fómhair, agus níor cuireadh an Roinn Sláinte ná FSS ar an eolas faoi aon seirbhísí a athosclóidh níos déanaí ná sin.
“Níl neamhchinnteacht inghlactha d’úsáideoirí seirbhíse ná dá dteaghlaigh. Cuireann sé sin leis an strus méadaitheach atá orthu cheana féin. Chun an próiseas athoscailte a dhéanamh níos trédhearcaí d’úsáideoirí seirbhíse, d’iarr mé ar FSS tairseach gréasáin a chruthú a thabharfaidh achoimre shoiléir ar cathain a athosclóidh gach seirbhís agus líon na n-úsáideoirí atá in ann an tseirbhís a úsáid gach lá.
“Iarradh ar sheirbhísí an fhaisnéis sin a chur in iúl do FSS faoi thráthnóna Dé Céadaoin. Ansin tiomsófar an fhaisnéis ó na 966 seirbhís go léir agus cuirfear suas í ar láithreán gréasáin FSS ón 4 Lúnasa. Cabhróidh sé seo chun an tsoiléireacht agus an suaimhneas atá á lorg ag daoine i láthair na huaire a sholáthar.
“Ina theannta sin, táim cinnte go bhfuil FSS ag obair go dlúth le soláthraithe seirbhíse chun leibhéal na dtacaí airgeadais atá de dhíth chun seirbhísí a athoscailt a bhailíochtú. Ciallaíonn comhairle sláinte COVID-19 maidir le scaradh sóisialta go laghdófar an toilleadh i go leor seirbhísí lae ach tá athruithe den sórt sin ar sholáthar cúraim ríthábhachtach chun riosca a mhaolú dóibh siúd is leochailí inár sochaí.
“Tá FSS i mbun athbhreithnithe ar chásanna gnó ó sholáthraithe seirbhíse le haghaidh maoiniú breise chun tacú le hathoscailt seirbhísí, a tharraingeofar anuas ó mhaoiniú seirbhíse Sláinte Phaindéim COVID-19 ar fiú €2 billiún é.
“Cé go mbeadh sé iontach seirbhísí a athoscailt go hiomlán, níl COVID-19 imithe agus ní féidir linn beatha daoine a chur i mbaol de réir mar a athosclaíonn seirbhísí. Tá sábháilteacht fíorthábhachtach. Ní mór dúinn na daoine is leochailí atá againn a chosaint agus ciallaíonn sé sin go gcaithfear gach treoirlíne sábháilteachta COVID a leanúint” a dúirt an tAire Rabbitte.
CRÍOCH
Liostófar dátaí athoscailte do gach seirbhís ar www.hse.ie/newdirections