Fógraíonn an tAire O’Gorman Clár Ceannaireachta LADTI+ Óige
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., Clár Ceannaireachta LADTI+ Óige nua inniu atá dírithe ar dhaoine óga LADTI+.
Cuirfidh Foróige an Clár Ceannaireachta LADTI+ Óige ar siúl i gcomhoibriú le BelongTo agus glacfaidh sé le hiarratas ó gach duine óg LADTI+. Tá de chuspóir ag an gclár a chur ar chumas daoine óga LADTI+ na scileanna, an spreagadh, an fhís, an mhuinín, agus na pleananna gníomhaíochta a fhorbairt go ndéanfar ceannairí éifeachtacha díobh agus lena chur ar chumas daoine óga LADTI+ difear dearfach a dhéanamh ina sochaí agus ina bpobal trí cheannaireacht éifeachtach a chur i gcleachtas.
Léirigh an Fóram LADTI+ don Óige an tábhacht a bhaineann le glór daoine óga sa LGBTI+ (LADTI+) Straitéis Óige Náisiúnta, Straitéis Óige Náisiúnta LADTI+, agus bhí páirt lárnach aige sa Chlár a fhorbairt, ar chuir dearcthaí eolais ar fáil dó. Ar cheann de na rudaí ar tugadh tús áite dó i mbliana ná gurbh iad ceannairí óga a dhéanfadh athruithe i scoileanna, i gcoláistí, sa spórt agus i gclubanna óige, agus i bpobail áitiúla agus i dteaghlaigh. Dúirt baill óga an Fhóraim:
“Tá an-díograis agam faoin gclár ceannaireachta agus táim ar bís faoin tairbhe agus an t-eispéireas oideachais. Ceapaim go gcruthóidh sé tairbhe an-mhór do dhaoine óga LADTQI in Éirinn.”
“Deis iontach é an clár spreagúil seo do cheannairí LADTI+ na linne seo agus amach anseo.”
“Bronnann an clár seo rud éigin ar an Óige LADTI+ a aithnítear. Tuar dóchais é don tréimhse amach romhainn agus dár n-óige.”
“Is mór an bród atá ar an bpobal LADTI+ gur tugadh an deis seo dúinn bheith faoi rath.”
Dúirt an tAire O’Gorman, agus an clár á sheoladh aige,
“Tá gliondar croí orm seoladh an Chláir Cheannaireachta Óige LADTI+ seo a fhógairt, a thacaíonn le daoine óga LADTI+ a scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus domhan níos fearr a thógáil dá bpiaraí. Saothróidh an clár paisean, treallús agus idéalachas ár ndaoine óga LADTI+ chun a bpobal a stiúradh chun sochaí níos fearr a chruthú dúinn go léir. Príomhghníomh den Straitéis Óige Náisiúnta LADTI+ é seo agus is mór an bród atá orm cuireadh a thabhairt do dhaoine óga LADTI+ iarratas a dhéanamh páirt a ghlacadh.”
Dúirt Moninne Griffith, POF Sheirbhísí don Ógra BeLonG To:
“Tá ríméid orainn comhoibriú leis an Roinn Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige, Foróige, agus an Fóram LADTI+ don Óige chun an Clár Ceannaireachta LADTI+ Óige a sheoladh.
"Is iad daoine óga na linne seo an chéad ghlúin eile de phríomhoifigigh feidhmiúcháin, polaiteoirí, múinteoirí, agus ceannairí. Cuirfimid ar chumas daoine óga LADTI+, tríd an tionscnamh seo, a scileanna ceannaireachta a shaothrú agus athruithe a dhéanamh ar fud shochaí na hÉireann, a chuirfidh meon níos éagsúla ar fáil nuair a bhíonn cinnteoireacht á déanamh."
"Is rud fíor-thábhachtach é ceannaireacht láidir óige a fhorbairt chun Éire níos cothroime agus níos ionchuimsithí a chruthú, áit a mbraitheann daoine sábháilte, go bhfuil siad ar comhchéim agus go léirítear meas orthu.”
Is é an nasc chun clárú leis an gclár: foirm iarratais ar líne (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Is é an spriocdháta d’iarratais Dé Máirt, an 23 Márta ag 12 meán lae
Críoch