Seolann an tAire Donohue Suirbhé faoi Chultúr Foirne agus Seiceáil a dhéanann Bord Chultúir na Baincéireachta Éireannaí chun dearcadh an phobail mar gheall ar na bainc a mheas.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá cúrsaí chultúrtha inmheánacha ag feabhsú ach caithfear níos mó a dhéanamh chun an tuiscint atá ar an bpobal maidir leis na bainc a fheabhsú
Agus é ag labhairt ar maidin (Luan) ag lainseáil an tsuirbhé Chultúir Foirne agus seiceáil na gcustaiméirí baincéireachta a bheidh déanta ag Bord Chultúir na Baincéireachta Éireannaí, chuir an tAire Airgeadais, Paschal Donohue TD fáilte roimh fhoilsiúchán na suirbhéanna agus a n-ionchur i dtaca leis an ndíospóireacht chun athrú chultúrtha a bhaint amach laistigh den gcóras baincéireachta
D'athnocht an tAire Donohue roinnt tuairimí atá aige mar gheall ar thodhchaí na baincéireachta agus d'aithin sé dá dtógfaí muinín i measc na gcustaiméirí sna bainc mhíondíola intíre, nach dtiocfaí ach feabhsú ar thorthaí na gcomhlachtaí sin.
Dúirt an tAire Donohue le linn an tseolta:
'Ba mhaith liom ról tábhachtach atá ag Bord Chultúir na Baincéireachta Éireannaí chun muinín a atógáil san earnáil baincéireachta tríd an obair a dhéanann sé agus tríd na tionscnaimh éagsúla atá ar bun aige. Is í an ócáid inniu chun an dá suirbhé a phoibliú ceann de na tionscnaimh thábhachtacha sin.'
D'aithin an tAire freisin na baill foirne a ghlac páirt sna suirbhéanna, dúirt sé gur sholáthraigh siad eolas fíorthábhachtach agus léargas ar chonas a reachtáiltear na heagraíochtaí. Dúirt sé gur táscaire dearfach é go mbraitheann dhá thrian den bhfoireann dearfach i dtaca le cultúir na n-eagraíochtaí ina bhfuil siad ag obair. Bhí na torthaí ó thaobh dearcthaí na foirne dearfach maidir le bheith in ann labhairt faoi cheisteanna a théann i gcion orthu.
Nochtadh sa tsuirbhé go raibh gá tuilleadh feabhais a chur ar cheisteanna ar leith, mar shampla ról an Choiste feidhmiúchain, an nós a bheith ag obair ar feadh uaireanta fada an chloig agus an bealach ina dhéanann na bainc an gnó inmheánach.
Má thugtar aghaidh ar an suirbhé seachtrach, de réir cosúlachta tá níos lú muiníne ag daoine sna bainc agus bhí imní ann go raibh daoine buartha faoi chúrsaí digitithe, corruithe ar líon na mbrainsí banc agus conas a chaitear le daoine leochaileacha. Dá réir sin, nuair atá cuma ar an scéal go bhfuil cultúr na mbanc inmheánacha ag feabhsú, níor athraíodh go mór an dearcadh seachtrach ó rinneadh an suirbhé ní ba dhéanaí i 2018.
Dúirt an tAire:
'Tá fós saincheisteanna gan réiteach agus caithfidh na bainc agus instititúidí airgeadais dul chun cinn a dhéanamh chun dul i ngleic leo. Cabhróidh na suirbhéanna seo na réimsí a chaithfear níos mó airde a thabhairt orthu a shainaithint. Caithfear athruithe cultúrtha agus athruithe ar an dlí a dhéanamh chun an toradh is cuí i bhfoirm earnáil airgeadais feabhsaithe a bhaint amach. Tá súil agam faoi réir comhaontaithe an Ard-Aigne reachtaíocht SEAR a fhoilsiú sa tréimhse a bheidh le teacht, sula gcríochnófar seisiún na Dála seo.
Tá nasc d'óráid an Aire anseo:
Deireadh leis an gcaint