Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 9 Aibreán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 28 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:
Tá 263 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 500 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, Déardaoin an 9 Aibreán.
Tá 6.574 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Nocht sonraí samhaltaithe na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí gur laghdaigh iarracht na hÉireann go dtí seo tarchur an víris go suntasach:
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Grúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann (IEMAG):
“Nuair a mhéadaíonn uimhir A fiú píosa beag os cionn 1, ardóidh líon na gcásanna nua in aghaidh an lae, go mall ach gan stad gan staonadh.
“Táimid ag pointe an-íogair agus criticiúil inár bhfreagra ar an bpaindéim seo."
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá an víreas fós á chothú féin inár bpobal. Mura bhfanfaimid sa bhaile agus mura gcleachtaimid fadú fisiceach nílimid chun stop a chur leis an scaipeadh.
“Tá sé ríthábhachtach go dtabharfadh gach duine aird ar na rioscaí a bhaineann leis an víreas seo, go leanann siad na treoirlínte agus nach dtugann siad deis don víreas seo scaipeadh.
“Ní mór dúinn an chomhairle sláinte poiblí a leanúint chomh dlúth agus is féidir linn ionas gur féidir linn scaipeadh an víris a theorannú.
"Fan sa bhaile, cleachtadh fadú fisiceach, cleachtadh sláinteachas lámh, cosain a chéile."
Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí ollmhóra na n-oibrithe cúram sláinte atá ag tabhairt aire d’othair in ospidéil agus sa phobal. Is é an bealach is fearr is féidir le daoine tacaíocht a thaispeáint dóibh ná fanacht sa bhaile agus aird a thabhairt ar na treoirlínte. Coinníonn sé sin gach duine sábháilte. "
Taispeánann taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhfuil an riosca a braitheadh maidir le COVID-19 a tholg laghdaithe go mór, ó 43% an 26 Márta go dtí 32% faoi láthair.
Léiríonn an suirbhé ar líne ionadaíoch náisiúnta ar 1,270 duine fásta a rinneadh inniu, a dhéantar dhá uair sa tseachtain, an méid seo a leanas:
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Máirt an7 Aibreán (6,444 cás):
Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).
CRÍOCH
Líon iomlán na gcásanna | 6444 |
Líon iomlán san ospidéal | 1521 |
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU | 230 |
Líon iomlán na mbásanna | 257 |
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte | 1765 |
Líon na gcnuasach curtha in iúl | 317 |
Aois airmheánach | 48 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.
Baineann | 3425 | 53.2 |
Fireann | 2923 | 45.4 |
Anaithnid | 96 | 1. 5 |
Iomlán | 6444 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.
Aoisghrúpa | Líon | mar % den Iomlán |
<1 | 14 | 0.2 |
1 - 4 | 19 | 0.3 |
5 - 14 | 43 | 0.7 |
15 - 24 | 384 | 6 |
25 - 34 | 1103 | 17.1 |
35 - 44 | 1176 | 18.2 |
45 - 54 | 1219 | 18.9 |
55 - 64 | 922 | 14.3 |
65+ | 1544 | 24 |
Anaithnid | 20 | 0.3 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.
Tarchur pobail | 67% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 24% |
Taisteal Thar Lear | 9% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Aoisghrúpa | Líon na gcásanna | Céatadán den iomlán |
<5 | 9 | 0.6 |
5 - 14 | 4 | 0.3 |
15 - 24 | 37 | 2.4 |
25 - 34 | 103 | 6.8 |
35 - 44 | 130 | 8.5 |
45 - 54 | 231 | 15.2 |
55 - 64 | 237 | 15.6 |
65+ | 768 | 50.5 |
Anaithnid | 2 | 0.1 |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.
|Ceatharlach |16 |0.2% |
An Cabhán | 132 | 2% |
An Clár | 68 | 1.1% |
Corcaigh | 472 | 7.3% |
Dún na nGall | 125 | 1.9% |
Baile Átha Cliath | 3557 | 55.2% |
Gaillimh | 134 | 2.1% |
Ciarraí | 125 | 1.9% |
Cill Dara | 253 | 3.9% |
Cill Chainnigh | 90 | 1.4% |
Laois | 37 | 0.6% |
Liatroim | 23 | 0.4% |
Luimneach | 173 | 2.7% |
Longfort | 36 | 0.6% |
Lú | 106 | 1.6% |
Maigh Eo | 134 | 2.1% |
An Mhí | 198 | 3.1% |
Muineachán | 63 | 1% |
Uíbh Fhailí | 81 | 1.3% |
Ros Comáin | 22 | 0.3% |
Sligeach | 28 | 0.4% |
Tiobraid Árann | 140 | 2.2% |
Port Láirge | 56 | 0.9% |
An Iarmhí | 142 | 2.2% |
Loch Garman | 26 | 0.4% |
Cill Mhantáin | 207 | 3% |
*Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Máirt an 7 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.