Aire Hackett ag Oscailt an 5ú Scéime den Ghrúpa Aistrithe Eolais Foraoiseachta (GAE) 2023
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit atá bhfuil freagracht uirthi as Bithéagsúlacht agus Úsáid Talún, inniu oscailt na Scéime an Ghrúpa Aistrithe Eolais Foraoiseachta (GAE) 2023.
Dúirt an tAire Hackett,
"Leanann leis an rath atá le Scéim Foraoiseachta an GAE agus bíonn an-tóir ar an Scéim i gcónaí agus tá an-áthas orm an Scéim a athoscailt arís, don chúigiú bliain, Ó bunaíodh an Scéim, tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn do 2,400 rannpháirtí.
Is é is aidhm do Scéim Foraoiseachta an GAE ná feasacht ar bhainistiú inbhuanaithe foraoisí a mhéadú i measc úinéirí foraoise agus áirítear léi topaicí a chlúdaíonn Clúdach Foraoiseachta Leanúnach, Agrafhoraoiseacht agus athléimneacht foraoise a chruthú. De thoradh páirt a ghlacadh sa Scéim, faigheann ár spriocghrúpa, úinéirí foraoise, eolas breise chun cabhrú leo saineolas a fháil ar a bhforaoisí a bhainistiú thar a shaolré.”
De réir Réamhaisnéis Táirgthe Uile-Éireann maidir le hlomáin chruinne 2016 – 2035 de chuid CTFF, tá táirgeadh adhmaid le dúbailt ó 4 mhilliún méadar ciúbach go 8 milliún méadar ciúbach faoi 2035, sna foraoisí seo atá faoi úinéireacht phríobháideach den chuid is mó. Dúirt an tAire freisin
“Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar infheistíocht an Stáit san fhoraoiseacht a fhíorú le leas a bhaint as an adhmad seo, agus go ndéantar é seo ar bhealach inbhuanaithe. De thoradh na GAEnna, tugtar aghaidh ar bhearnaí eolais maidir le saothrú foraoiseachta, iompar, athphlandáil agus próiseáil.
Tá áthas orm a thabhairt le fios go bhfuil oibleagáidí d'úinéirí foraoise faoi na treoracha de réir Creat Uisce, Éin agus Gnáthóga agus an tábhacht a bhaineann le foraoisí maidir le maolú, oiriúnú agus athléimneacht an athraithe aeráide i measc na n-ábhar atá le cumhdach ag na grúpaí.”
Tá foraoiseoir gairmiúil i gceannas ar na GAEnna agus spreagtar rannpháirtithe chun dul i dteagmháil le grúpaí foraoiseachta agus le gairmithe. Feidhmíonn siad le cur chuige ón mbun aníos agus déanann na baill féin cinneadh faoi cad is mian leo a fhoghlaim. Faigheann rannpháirtithe an deis foghlaim ó na saineolaithe agus ó thaithí a chéile laistigh de shuíomh pléghrúpa. Ina theannta sin, is féidir GAEnna a úsáid mar fheithicil chun úinéirí foraoise a thabhairt i dteagmháil le foraoiseoirí gairmiúla (éascaitheoirí GAE agus comhairleoirí Teagasc).
Tá an scéim seo faoi réir próiseas leanúnach um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MST) agus Measúnacht Chuí (MC).
Forchoimeádann an tAire, dá bhrí sin, an ceart athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí agus ar choinníollacha na scéime seo de réir na dtorthaí ábhartha.
Dá bhrí sin, d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar iarratasóirí “roghnú le glacadh le” haon téarmaí agus coinníollacha athbhreithnithe sula ndéantar cinneadh ar a n-iarratas.
CRÍOCH
____________________________
Is féidir le gach GAE 20 rannpháirtí ar a mhéad a bheith acu agus beidh ar gach rannpháirtí freastal ar 7 gcruinniú nó ar 7 n-imeacht lasmuigh chun an clár a chur i gcrích. Is féidir cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe nár ghlac páirt i GAE Foraoiseachta sna trí bliana roimhe seo páirt a ghlacadh sa bhabhta GAE seo. Ní bhíonn tionchar ag rannpháirtíocht i GAEnna talmhaíochta eile ar incháilitheacht an rannpháirtí chun páirt a ghlacadh i GAEnna Foraoiseachta.
Déantar íocaíochtaí GAE a mhiondealú mar seo a leanas;
Íocaí Aisíocaíocht /íocaíocht deontais in aghaidh €
Rannpháirtí GAE Cruinniú ar freastalaíodh air €80 in aghaidh an chruinnithe
Eagraí GAE In aghaidh an GAE eagraithe €7,400 in aghaidh an GAE
Eagrófar 7 gcruinniú agus 7 n-imeacht san iomlán in aghaidh an GAE – is é €560 an íocaíocht uasta le gach rannpháirtí.
Beidh próiseas meastóireachta i bhfeidhm chun a chinntiú nach gcuirfear san áireamh ach iarratais chun GAE a eagrú a bhaineann íoschaighdeán amach. Déanfar iarratais a rangú freisin má bhíonn ró-éileamh ar an scéim.
Déanfar rátáil ar gach iarratas GAE a fhaightear de réir na gcritéar seo a leanas;
• Conas a bhainfeadh bonn cliant/ballraíocht/rannpháirtithe sa todhchaí tairbhe as ballraíocht i do GAE(nna);
• Cumas/taithí gach eagraí GAE chun an clár GAE a reáchtáil;
• Méid na ngníomhaíochtaí aistrithe eolais roimhe seo (liostaigh turais allamuigh, seimineáir, foilseacháin etc.).
• Straitéis cur chun cinn chun úinéirí foraoise neamhghníomhacha a mhealladh chuig an GAE.
Déanfar gach iarratasóir a rangú de réir na marcanna a bhronntar. Dáilfear GAEnna atá ar fáil ar bhonn 50:50 idir grúpaí táirgeoirí foraoiseachta agus cuideachtaí foraoiseachta/comhairleoirí foraoiseachta.
Is féidir tuilleadh sonraí, cóip de Théarmaí & Coinníollacha na Scéime agus an Fhoirm iarratas A a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne ag:
https://www.gov.ie/en/service/5fe68-forestry-knowledge-transfer-group/
Ní mór iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig: forestryktg@agriculture.gov.ie faoi 4 p.m. an 14 Lúnasa 2023.