Fógraíonn an tAire Martin agus Chambers maoiniú reatha breise €65m don Earnáil Spóirt
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit atá freagrach as an Spórt agus an nGaeltacht, Jack Chambers TD, go gcuirfear maoiniú reatha breise suas le €65 milliún ar fáil chun tacú leis an earnáil spóirt i mbliana. Tagann sé seo tar éis caiteachas reatha breise €26.3 milliún a tugadh do Spórt Éireann agus mar sin cuireadh €91.3 milliún ar an iomlán ar fáil i maoiniú reatha breise chun tacú leis an earnáil spóirt in 2021.
Tá sé i gceist leis an bpacáiste seo tacú le Forais Náisiúnta Rialaithe Spóirt agus clubanna spóirt i bhfianaise thionchair shuntasaigh shrianta COVID-19 ar an earnáil spóirt, trí thacaíocht shonrach maoinithe a sholáthar do na hearnálacha seo a leanas;
• Maoiniú Spóirt Mhachaire chun tacú leis na príomhspóirt mhachaire, i.e. an FAI, an CLG agus an IRFU;
• Ciste Seasmhachta chun tacú leis na Forais Rialaithe Náisiúnta Spóirt eile;
• Ciste Seasmhachta Chlub Spóirt chun tacú le clubanna ó gach spórt;
• Ciste Linnte Snámha/Áiseanna;
• Ciste um Spórt & Aclaíocht a Atosú.
Is é Spórt Éireann a reáchtálfaidh na scéimeanna thuas agus dáilfear an maoiniú trí na Forais Rialaithe Náisiúnta Spóirt.
Dúirt an tAire Martin:
“Bhí tionchar mór ag paindéim Covid-19 ar earnáil an spóirt, agus tá sí fós ag dul i bhfeidhm uirthi. Le linn na tréimhse seo, bhíomar i dteagmháil go leanúnach leis an earnáil, agus tá a fhios againn go bhfuil comhlachtaí agus clubanna spóirt buailte go dona i ngach gné dá gcuid oibríochtaí, go háirithe ó thaobh airgeadais de. Ligfidh an leithdháileadh breise €65 milliún seo do Spórt Éireann, trí roinnt scéimeanna éagsúla, cuidiú leis na comhlachtaí agus na clubanna spóirt sin a bhfuil airgead ag teastáil go mór uathu, agus muid ag iarraidh a chinntiú go dtacaítear lenár n-earnáil spóirt ag gach leibhéal ar fud na tíre."
Dúirt an tAire Chambers:
“Táim an-sásta go bhfuilimid in ann leanúint ar aghaidh ag tacú lenár gcuid forais spóirt. Anuraidh, chuidigh ár maoiniú tacaíochta Covid-19 lena chinntiú go raibh ár gcuid forais spóirt in ann oibríochtaí a chothabháil, dócmhainneacht a sheachaint agus ullmhú le tús a chur le gníomhaíocht arís. Chuir an maoiniú tacaíocht ar fáil freisin le costais agus caillteanais a bhain le Covid-19 i 166 club rugbaí, os cionn 400 club ag an mbunleibhéal agus club de chuid Shraith na hÉireann mar aon le 33,271 foireann chluichí Gaelacha. Ina theannta sin, soláthraíodh tacaíocht do 1,637 club ar fud na tíre trí dheontais bheaga Chomhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla.
Chonaiceamar an tionchar dearfach a bhí ag atosú chluichí spóirt ar fud na tíre le cúpla mí anuas, ach tá a lán oibre fós le déanamh. Chaill go leor eagraíochtaí agus clubanna iocnam ollmhór, toisc gur gearradh siar a gcuid gníomhaíochtaí go mór. Tá an earnáil spóirt faoi dhíon buailte go dona, níl spórt faoi dhíon ach ag cur tús lena gcuid gníomhaíochtaí arís an mhí seo. Tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú seo go mór lenár gcuid eagraíochtaí agus clubanna spóirt agus go gcuirfidh sé ar a gcumas téarnamh go hiomlán agus muid ag teacht amach ón bpaindéim seo."