Fáiltíonn Airí Ryan agus Lawless roimh dhul chun cinn i leith athoscailte Chalafoirt Holyhead
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Iompair Eamon Ryan agus Aire Stáit James Lawless roimh dhul chun cinn atá déanta i leith athoscailte Chalafoirt Holyhead, atá dúnta ó rinneadh damáiste dó le linn Stoirme Dharraigh mí na Nollag seo caite.
Tá deimhnithe ag Calafoirt Holyhead go bhfuil Críochfort 5 ar sprioc athoscailte ar 16 Eanáir 2025, mar a bhí beartaithe. Beidh trialacha beartanna ar siúl go ceann cúpla lá ionas go mbeidh seirbhísí carrchalaidh in ann atosú. Tá na sceidil oiriúnaithe ag oibreoirí carrchalaidh ionas go mbeidh suas go dtí ocht seoladh gach lá, ag cinntiú nach mbeidh aon chaillteanas den ghnáth-acmhainn ar an mbealach ó Bhaile Átha Cliath go Holyhead. Nuair atá Críochfort 5 ag feidhmiú arís, díreofar ar Chríochfort 3 a athchóiriú.
Is fíordea-scéal é seo do phaisinéirí, oibreoirí lastais, agus cách sna hearnalácha calafort agus muirí. Tá an Roinn agus an bheirt Aire i dteagmháil rialta leis na geallsealbhóirí ó tharla an dúnadh, lena n-áirítear cruinniú cuiditheach le geallsealbhóirí lastais agus slabhra soláthair ar 9 Eanáir.
Dúirt an tAire Ryan
“Tugaim ardmholadh do chách, ar an dá thaobh de Mhuir na hÉireann, a d’oibrigh le fíor-dhúthracht agus tiomantas chun an nasc ríthábhachtach seo idir na hoileáin a athchóiriú.”
Dúirt an tAire Lawless
“Gabhaim buíochas le gach duine atá bainteach leis an bproiséas seo don mhodh oibre cuiditheach agus comhoibríoch, a chinntigh gur cothaíodh slabhraí solathár le linn an ama dúshlánach seo.”
Nótail na hAirí freisin go mbeidh athbhreithniú inmheánach á dhéanamh ag an Roinn ar an dtionchar agus ar an bhfreagra do dhúnadh Chalafoirt Holyhead thar tréimhse na Nollag, i gcomhar le hOifig Forbartha Muirí na hÉireann. Cuirfear an fhoghlaim as seo leis an athbhreithniú leanúnach de Bheartas Náisiúnta na gCalafort.