Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh thuarascáil ón bhFóram TB
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, roimh thuarascáil atá curtha ar aghaidh ag an bhFóram TB. Cuimsítear roinnt moltaí sa tuarascáil maidir le bearta breise chun leibhéil na heitinne bólachta (bTB) a laghdú agus dul chun cinn a dhéanamh chun í a dhíothú.
Dúirt an tAire Creed:
“Fáiltím roimh an tuarascáil ón bhFóram TB, agus beidh mé ag déanamh mionscrúdú ar na tograí a leagtar amach inti.
"Níl aon roghanna éasca ann níos mó chun dul i ngleic le heitinn bhólachta, agus dá bharr sin, tá buíochas ag dul don Fhóram TB as dul i ngleic leis na roghanna deacra seo agus tuarascáil a chur le chéile ina gcuimsítear moltaí maidir le leibhéil an ghalair a laghdú tuilleadh. Tuigim go raibh réimsí eile ann nach rabhthas in ann teacht ar chomhaontú ina leith, ach tá mé muiníneach, ina ainneoin sin, gurb ionann an tuarascáil seo agus céim shuntasach chun cinn.
"Léirítear tríd an bhFóram TB a thábhachtaí atá sé páirtithe leasmhara a bheith in ann an deis a thapú chun na roghanna atá ar fáil dúinn a phlé agus dul i bhfeidhm orthu, ós rud é go bhfuil sé de fhreagracht orainn ar fad gníomhartha a ghlacadh chun an galar seo a dhíothú a luaithe agus is féidir.
"As seo amach beidh mé ag tabhairt orduithe do mo chuid oifigeach tús a chur láithreach le forbairt a dhéanamh ar Straitéis Díothaithe TB nua. Faoin straitéis seo, ina nglacfar tuarascáil an Fhóraim TB san áireamh, cuirfear treochlár ar fáil chun na leibhéil TB atá ann a laghdú sna blianta atá romhainn, rud a thabharfaidh cosaint d'eallaí ó ionfhabhtú agus a shábhálfaidh an strus agus an t-anró a bhaineann le dul i ngleic leis an eitinn ar fheirmeoirí agus ar theaghlaigh feirme . Tá sé i gceist agam an Straitéis TB nua seo a sheoladh san Fhómhar.
"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach ball den Fhóram TB as an obair dhíograiseach atá déanta acu agus as a dtiomantas, agus ba mhaith liom mó bhuíochas a chur in iúl ach go háirithe don chathaoirleach, an tUasal Michael Cronin, as an tiomantas agus éifeachtacht atá léirithe aige."
Cuimsítear sa bhFóram TB ionadaithe ó réimse eagraíochtaí ar páirtithe leasmhara iad, agus tháinig siad le chéile seacht n-uaire idir Meán Fómhair 2018 agus Meitheamh 2019.
Le deich mbliana anuas, tá laghdú mór tagtha ar leibhéil na heitinne bólachta atá ann, ach le blianta beaga anuas, níl mórán dul chun cinn á dhéanamh chun í a dhíothú. Trí na bearta nua atá comhaontaithe ag an bhFóram TB, táthar ag súil go laghdófar na leibhéil eitinne tuilleadh sna blianta atá romhainn nuair a chuirfear na bearta sin i bhfeidhm.
CRÍOCH
Tá miontuairiscí ó chruinnithe ar fad an Fhóraim TB chomh maith leis na páipéir beartais a pléadh ag an bhFóram TB ar fáil ag www.agriculture.gov.ie/animalhealthwelfare/diseasecontrol/bovinetb/tbforum.