Leagann an tAire McConalogue amach tosaíochtaí na hÉireann maidir le deiseanna iascaireachta 2024
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhreastail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., ar Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an AE sa Bhruiséil inniu. Áiríodh sa chlár oibre túsmhalairt tuairimí ar an moladh maidir le deiseanna iascaireachta san Atlantach agus sa Mhuir Thuaidh in 2024, 2025, agus 2026.
Roinneann an AE formhór na stoc éisc tráchtála san Atlantach agus sa Mhuir Thuaidh le Tríú Tíortha amhail an RA agus an Iorua. Déanann an Coimisiún Eorpach, thar ceann an AE, idirbheartaíocht le Tríú Tíortha maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú do stoic chomhroinnte. Cuireadh tús leis an idirbheartaíocht seo go déanach i mí Dheireadh Fómhair agus tá an idirbheartaíocht sin fós ar siúl.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá an idirbheartaíocht idir an AE, an RA agus an Iorua maidir le stoic chomhroinnte fós ar siúl, mar sin níl figiúirí cinntitheacha againn don chuid is mó de na stoic a bhaineann le cabhlach na hÉireann go fóill. Mar sin féin, is deis í Comhairle an lae inniu dom aird a tharraingt ar thosaíochtaí na hÉireann don idirbheartaíocht seo. Leag mé béim ar leith ar an tábhacht a bhaineann le cinneadh tráthúil, cóir agus cothrom a bhaint amach i leith na hidirbheartaíochta seo. Tá sé sin ríthábhachtach chun cobhsaíocht a sholáthar dár n-iascairí agus chun bainistiú inbhuanaithe na stoc comhroinnte a chinntiú.”
Dúirt an tAire freisin:
“Tuigeann Éire an tábhacht a bhaineann le crinneadh tráthúil i leith na hidirbheartaíochta seo ach ní féidir linn glacadh le comhaontú ar bith. Tá sé ráite agam go seasta go gcaithfidh aon chomhaontú le Tríú Tíortha a bheith cóir agus tomhaiste agus caithfidh sé cothrom na féinne a chinntiú.”
CRÍOCH