Seolann an tAire McConalogue dhá thuairisc ón nGrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht maidir le Beartais Dhomhanda Adhmaid agus athbhreithniú ar an Adhmad san Oideachas
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu, gur fhoilsigh an Grúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht dhá thuairisc dar teideal “Global Policies Influencing the Greater Adoption of Timber in Construction” agus “Timber in Construction Academic Survey”. Sa chéad tuairisc, sainaithnítear agus tugtar achoimre ar phríomhbheartais, ar straitéisí agus ar chreata rialála a úsáidtear i dtíortha eile ar fud an domhain, a bhfuil tionchar acu ar ghlacadh níos fearr an adhmaid san fhoirgníocht. Tugtar moltaí sa tuairisc chomh maith maidir leis an dea-chleachtas ó thaobh cur leis an bhfeasacht ar na buntáistí a bhaineann le hadhmad a úsáid agus tábhacht na stórála fadtéarmaí carbóin i gcomhthéacs an athraithe aeráide. Déantar measúnú sa dara tuairisc ar an gcur chuige reatha in Éirinn i leith innealtóirí agus ailtirí a theagasc in institiúidí tríú leibhéal maidir le húsáid an adhmaid san fhoirgníocht. Tugtar moltaí maidir leis na tacaíochtaí oideachais a theastaíonn don adhmad san fhoirgníocht agus an gá le tuilleadh ábhar adhmaid a chur le siollabas lárnach na gcúrsaí tríú leibhéal. D’fhreastail an tAire Hackett ar chruinniú an Ghrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht inniu, agus fuarthas an scéal is deireanaí ó chúig ghrúpa oibre atá dírithe ar chur le húsáid an adhmaid san fhoirgníocht.
Dúirt an tAire Hackett:
“Tá áthas orm na tuairiscí seo ón nGrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht a fhoilsiú, an chéad dá cheann ón tsraith tuairiscí atá le foilsiú sna míonna amach romhainn. Tarraingítear aird sna tuairiscí seo ar na deiseanna iontacha chun cur le húsáid an adhmaid san fhoirgníocht, agus ní mór dúinn smaoineamh ar thaithí na dtíortha eile ar éirigh lena mbeartais a cuireadh i bhfeidhm, mar shampla straitéisí adhmad i dtosach agus timpeallacht rialála ina dtacaítear le húsáid níos leithne an adhmaid. Is féidir lenár n-acmhainn adhmaid iontaigh in Éirinn an t-amhábhar a chur ar fáil chun tógáil le níos lú carbón corpraithe, agus cabhróidh na tuairiscí seo linn plean a chur le chéile chun úsáid an adhmaid ar scála a ghlacadh chugainn féin.”
Chuir an tAire Tithíochta, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, Darragh O’Brien, an méid seo leis:
“Tá áthas orm an obair shuntasach agus an dul chun cinn atá déanta ag an nGrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht, a bhfuil mo Roinn ina chomhalta de, maidir le cur le riachtanais tithíochta na hÉireann a bhaint amach a fheiceáil. Ní mór tuiscint a fháil ar conas a chuimsigh tíortha eile beartais a thacaíonn le foirgníocht adhmaid, agus ardchaighdeán slándála foirgníochta a chinntiú i gcomhthéacs na hÉireann san am céanna. Chomh maith leis an tuairisc seo, tá súil agam moltaí a fheiceáil do Shonraíocht Theicniúil Náisiúnta chun muid a chur chun cinn sa réimse seo”
I ndiaidh na dtuairiscí a chur i láthair don Aire, dúirt an tOllamh J Owen Lewis, Cathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht:
“Tá áthas orm fáilte a chur roimh na tuairiscí seo ina dtugtar achoimre ar dhea-thionchar na mbeartas maidir le húsáid níos mó an adhmaid san fhoirgníocht a chur chun cinn, agus na dúshláin reatha don adhmad i gcomhthéacs oideachais. Is bonnlíne den chéad scoth é an anailís chuimsitheach ar réimse leathan gníomhartha ar fud an domhain, chun beartais adhmaid na hÉireann a mhúnlú, ar léir go bhfuil sé ar cheann de thosaíochtaí an Ghrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht. Anuas air sin, is léir go dteastaíonn cuir chuige fhadtéarmacha, ilghnéitheacha, oideachais le tacaíocht ó pháirtithe leasmhara tionscail chun a chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha ar fáil chun dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh an adhmaid san fhoirgníocht de.”
Dúirt Des O’Toole, Cathaoirleach an Ghrúpa Oibre Cumarsáide freisin:
“Molaim eisiúint na dtuairiscí seo, a théann i bhfeidhm ar an bpobal, dar liom, a aithníonn go bhfuil géarghá ann do thimpeallacht atá tógtha ar bhealach níos inbhuanaithe, chun ár gcuid spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach. Curtha le chéile ar son an Ghrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht, Forest Industries Ireland agus Coillte, le tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, tarraingítear aird sna tuairiscí seo ar an bhfuinneamh agus ar an éileamh méadaitheach ar adhmad san fhoirgníocht. Leagtar béim iontu freisin ar an ngá le hábhar dírithe ar adhmad a chur lenár gcuraclaim foirgníochta agus innealtóireachta, chun a cheadú do chleachtóirí dearaidh a bheith ábalta dearaí a dhéanamh le hadhmad. Is réiteach riachtanach ar na dúshláin phráinneacha atá romhainn san earnáil foirgníochta, sa tsochaí agus inár dtimpeallacht é glacadh leis an adhmad mar phríomhábhar san fhoirgníocht. É sin ráite, ní mór dúinn gníomhú go sciobtha agus go deimhneach agus todhchaí inbhuanaithe a chinntiú.”
DEIREADH
Fotheideal an Ghrianghraif: Ó Chlé go Deis: An tOllamh J Owen Lewis (Cathaoirleach); an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag a bhfuil freagracht speisialta as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht Pippa Hackett; Des O’Toole (Cathaoirleach Ionaid); taobh amuigh de Thithe an Rialtais ag seoladh an lae inniu den dá tuairisc ón nGrúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht maidir le Beartais Dhomhanda Adhmaid agus athbhreithniú ar an Adhmad san Oideachas
Nótaí don Eagarthóir
Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht chun coinníollacha a chruthú le cur le húsáid an adhmaid san fhoirgníocht, agus an leibhéal is airde slándála foirgníochta agus cosanta réadmhaoine a chinntiú san am céanna; chun measúnú a dhéanamh ar na dúshláin rialála agus chaighdeánaithe; agus chun úsáid an adhmaid dúchais san fhoirgníocht a uasmhéadú. gov - An Grúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht (www.gov.ie)
An Grúpa Stiúrtha ina bhfuil 16 chomhalta agus an Cathaoirleach Neamhspleách ceaptha ag an Aire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett. Tacaíonn cúig ghrúpa théamacha a bhfuil breis is 60 comhalta iontu thar réimse leathan páirtithe leasmhara leis an nGrúpa. Is ionadaithe na bpríomhchomhlachtaí tionscail iad na comhaltaí, chomh maith le ionadaithe sinsearacha na ranna rialtais agus na ngníomhaireachtaí cuí a bhfuil freagracht acu as an mbeartas agus as forbairt na n-earnálacha. I measc na ngrúpaí téamacha sin, tá:
• Deis Mhargaidh,
• Rialúchán, Caighdeáin agus Comhlíontacht,
• Soláthar Poiblí agus Tionscadail Taispeána,
• Taighde agus Forbairt, agus
• Cumarsáid, Oideachas, Traenáil agus Feasacht an Phobail.
Bhuail an Grúpa Stiúrtha um Adhmad san Fhoirgníocht le chéile den chéad uair ar an 6 Samhain 2023, agus bhí seacht gcruinniú aige go dtí seo.
Tá na tuairiscí ar fáil ar an suíomh gréasáin um Adhmad san Fhoirgníocht: https://www.gov.ie/en/publication/864a9-timber-in-construction-steering-group/