Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh athruithe ar bheartas iarchuir le haghaidh deonaithe fola - Dé Céadaoin an 22 Nollaig 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh athruithe atá le tabhairt isteach go luath ag Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann (IBTS) a bhaineann le raon beartas iarchurtha reatha do dheonú fola lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le fir a mbíonn gnéas acu le fir (MSM).
Tá na hathruithe polasaí le tabhairt isteach tar éis tuarascáil ó ghrúpa comhairleach neamhspleách do Bhord IBTS. Bhí an tOllamh Mary Horgan ina cathaoirleach ar an ngrúpa comhairleach.
Tabharfar isteach na hathruithe in dhá chéim leis an gcéim tosaigh tugtha isteach faoi dheireadh mhí an Mhárta 2022 agus tabharfar isteach an dara céim níos déanaí in 2022.
Laghdóidh an chéim tosaigh an t-iarchur 12 mhí atá ann faoi láthair do MSM go dtí 4 mhí. Is beart eatramhach é seo fad a thugann IBTS teicneolaíocht nua isteach, chun ceistneoir leictreonach ar a dtugtar an Stair Sláinte Féinmheasúnaithe (SAHH) a chur in ionad an cheistneora páipéir atá ann faoi láthair maidir le sláinte agus stíl mhaireachtála (HLQ). Cumasóidh sé seo céim a dó, próiseas measúnaithe aonair a thabhairt isteach do dheontóirí, rud a fhágfaidh go mbeidh deonú fola níos cuimsithí.
Laghdófar freisin iarchur aon duine atá ag glacadh próifiolacsas réamhnochta (PrEP) ó 12 mhí go 4 mhí agus fanfaidh an t-iarchur seo i bhfeidhm tar éis an measúnú aonair a thabhairt isteach.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm fáilte a chur roimh an mbeart suntasach seo ag IBTS, ag fáil réidh leis na bacainní ar dheonú fola atá ann faoi láthair d’fhir a mbíonn gnéas acu le fir.
“Is éard is brí le bheith i do dheontóir fola ná bronntanas iontach a thabhairt do dhuine eile in am an ghátair chun a saol a shábháil. Táim ag tnúth le bheith ag obair le IBTS chun an chéim thábhachtach seo a chur i bhfeidhm agus a phoibliú.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Horgan as a cuid oibre tábhachtach.
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun spreagadh a thabhairt do dhaoine fuil a dheonú thar shéasúr na Nollag. Is seirbhís riachtanach é deonú fola agus níl tionchar ag na bearta sláinte poiblí riachtanacha reatha air. Is féidir leat coinne a dhéanamh ach glaoch a chur ar 1800 222 111 nó 1800 731 137 agus do chlinic áitiúil a aimsiú ar www.giveblood.ie."
Ar bhallraíocht an Ghrúpa Chomhairligh bhí Comhairleoirí Deontóra IBTS, Lianna Galar Tógálacha, Lianna Sláinte Poiblí, Eipidéimeolaí, agus Bainisteoir Riosca agus Athléimneachta IBTS. Rinne rannpháirtithe ó Chumann Haemaifilia na hÉireann, Sickle and Thalasaemia Ireland agus VEID Éireann ionadaíocht ar na páirtithe leasmhara.