Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 14 Feabhra 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 17 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 15 díobh sin i mí Feabhra agus duine amháin i mí na Nollag.*
80 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 50-92 an raon aoise.
3,948 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 13 Feabhra, cuireadh 788 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 209,582** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 8am inniu tá 899 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 160 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 34 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 8 Feabhra, bhí 261,073 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 209,582 cás é seo.
***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Contae | Cásanna an lae inniu*** (go meán oíche 13 Feabh 2021) | Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 13 Feabh 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 13 Feabh 2021) | |
Éire | 788 | 932 | 277.2 | 13,198 | |
Muineachán | 15 | 18 | 513.1 | 315 | |
Ceatharlach | 11 | 13 | 368.9 | 210 | |
Baile Átha Cliath | 315 | 393 | 368.4 | 4,964 | |
Uíbh Fháilí | 21 | 26 | 345 | 269 | |
Port Láirge | 13 | 23 | 339.1 | 394 | |
Lú | 42 | 29 | 339.1 | 437 | |
Loch Garman | 18 | 24 | 316.6 | 474 | |
Gaillimh | 61 | 67 | 316.2 | 816 | |
An Mhí | 59 | 41 | 297.9 | 581 | |
Laois | 13 | 19 | 296.4 | 251 | |
Chill Dara | 33 | 43 | 280.9 | 625 | |
Maigh Eo | 21 | 24 | 275.8 | 360 | |
An Cabhán | 12 | 15 | 269.1 | 205 | |
Luimneach | 28 | 33 | 257.1 | 501 | |
An Iarmhí | 21 | 18 | 253.5 | 225 | |
An Longfort | 8 | 7 | 230 | 94 | |
Dún na nGall | 9 | 16 | 197.9 | 315 | |
Corcaigh | 28 | 50 | 180.9 | 982 | |
Cill Mhantáin | 9 | 13 | 173.4 | 247 | |
Sligeach | 5 | 6 | 170.9 | 112 | |
Tiobraid Árann | 15 | 18 | 153.6 | 245 | |
Liatroim | <5 | 4 | 143.6 | 46 | |
An Clár | 12 | 11 | 138.9 | 165 | |
Cill Chainnigh | 10 | 7 | 130 | 129 | |
Ros Comáin | 6 | 6 | 119.3 | 77 | |
Ciarraí | <5 | 8 | 107.6 | 159 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.