Leathnaíonn an tAire Humphreys maoiniú don Chlár na mBéilí Scoile chuig scoileanna thar Laethanta Saoire an tSamhraidh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, inniu go leanfar den mhaoiniú do Chlár na mBéilí Scoile i rith laethanta saoire an tsamhraidh.
Dúirt an tAire Humphreys gur theastaigh uaithi tuismitheoirí agus údaráis scoile a chur ar a suaimhneas go bhfanfaidh an tacaíocht ríthábhachtach seo i bhfeidhm le linn shos na scoile.
De ghnáth bíonn maoiniú faoi Chlár na mBéilí Scoile teoranta don bhliain acadúil, ach rinneadh eisceacht an samhradh seo mar aitheantas ar Covid-19.
Cinnteoidh an síneadh seo gur féidir le bunscoileanna agus meánscoileanna rannpháirteacha beartáin bhia a sholáthar a rachaidh chun leasa na mílte dalta i rith míonna an tsamhraidh.
Ina theannta sin, dheimhnigh an tAire Humphreys go gcuirfear maoiniú óna Roinn ar fáil do scoileanna atá rannpháirteach i gClár Oideachais Scoilbhunaithe na Roinne Oideachais, a dhíríonn ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu agus orthu siúd atá faoi mhíbhuntáiste oideachais.
D'oscail an tAire Humphreys iarratais inniu ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, a thacaigh anuraidh le 111,000 teaghlach atá ag filleadh ar scoil le costais.
Ar an iomlán, tá os cionn €118 milliún á sholáthar inniu trí na trí scéim thábhachtacha seo.
Rinne an tAire Humphreys na fógraí agus í ag tabhairt cuairte ar Scoil Náisiúnta Naomh Daigh in Inis Caoin.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá áthas orm an maoiniú do Chlár na mBéilí Scoile a leathnú chuig scoileanna i rith laethanta saoire an tsamhraidh. Cinnteoidh sé seo go bhfaighidh na mílte leanbh ó gach contae béile sláintiúil agus cothaitheach gach lá.
“Is tacaíocht ríthábhachtach í clár na mBéilí Scoile do leanaí agus dá dtuismitheoirí. Agus is scéim í a dtacaím go croíúil léi agus go deimhin ba mhaith liom í a leathnú.
“Bhí an-áthas orm cloisteáil go pearsanta ó dhaltaí bhunscoil Naomh Daigh in Inis Caoin agus ón bPríomhoide Tomás Mac Giollachomáin, na buntáistí a bhaineann le Clár na mBéilí Scoile dá scoil agus a dtaithí ar an scéim.
“Trí an maoiniú do Chlár na mBéilí Scoile a leathnú le linn dúnadh na scoileanna le dhá mhí dhéag anuas tá cinnteacht agus slándáil anois ag na daltaí, le linn na tréimhse deacra seo agus le linn scoilbhliana an-neamhghnách."
“Tá mo Roinn ag dul i dteagmháil leis na scoileanna a bhaineann leas as Chlár na mBéilí Scoile faoi láthair chun a chur in iúl dóibh gur féidir leis an gclár leanúint ar aghaidh le linn na saoire samhraidh seo agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na scoileanna go léir a bhfuil baint acu leis an gclár as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú leanúnach."
Soláthraíonn Clár na mBéilí Scoile maoiniú i dtreo bia a sholáthar do thart ar 1,506 scoil agus eagraíocht atá chun leasa 230,000 leanbh. Tá an Rialtas ag cur maoiniú os cionn €65 milliún ar fáil chun Clár na mBéilí Scoile a sheachadadh i mbliana.
Dheimhnigh an tAire Humphreys freisin go gcuirfear maoiniú faoin gClár Béilí Scoile ar fáil do scoileanna atá rannpháirteach i gClár Oideachais Samhraidh Scoilbhunaithe na Roinne Oideachais chun bricfeasta agus lón a sholáthar do na daltaí atá ag freastal.
Díríonn an Clár Oideachais Samhraidh ar dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais speisialta acu agus ar dhaltaí eile atá i mbaol míbhuntáiste oideachais. Tugadh isteach é an samhradh seo mar bheart freagartha Covid-19 agus cuideoidh sé leis na daltaí atá ag glacadh páirte dul i gcleachtadh ar an oideachas, muinín a thógáil agus spreagadh a mhéadú agus folláine a chur chun cinn.
Ina theannta sin, i gcás cuid acu atá ag príomhchéimeanna aistrithe, cuideoidh an clár seo leo bogadh in éineacht lena gcomhghleacaithe go dtí an chéad chéim eile ina gcuid oideachais.
D’fhógair an tAire Humphreys freisin go n-osclófar an scéim um Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua 2021 le haghaidh iarratas inniu (an 21 Meitheamh). Soláthraíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua íocaíocht aonuaire do theaghlaigh incháilithe i leith costas éadaí scoile agus coisbheart.
Is ionann an liúntas a íoctar as gach leanbh incháilithe 4 - 11 bliana an 30 Meán Fómhair 2021 nó roimhe sin agus €150 agus íoctar liúntas €275 do gach leanbh incháilithe idir 12 - 22 bliana d’aois an 30 Meán Fómhair 2021 nó roimhe. Caithfidh mic léinn idir 18 - 22 bliana d’aois a bheith ag filleadh ar oideachas lánaimseartha dara leibhéal i scoil nó i gcoláiste aitheanta i bhfómhar na bliana 2021 chun teidlíocht ar íocaíocht a choinneáil.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Chruthaigh an bhliain seo caite go leor dúshlán do thuismitheoirí leanaí scoile le scoileanna dúnta agus cianfhoghlaim. Eiseofar tromlach na n-íocaíochtaí do Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua 2021 go huathoibríoch chuig thart ar 111,000 teaghlach i leith 204,000 leanbh.
“Íocfar thart ar €42 milliún leis na teaghlaigh seo i rith na seachtaine dar tosach an 12 Iúil.
“Is féidir gach iarratas eile a dhéanamh go sábháilte ar líne trí www.MyWelfare.ie agus tá líne teileafóin tiomnaithe bunaithe ag mo Roinn do gach fiosrúchán gaolmhar."
Íocfar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua go huathoibríoch le timpeall 111,000 teaghlach i leith thart ar 204,000 leanbh i rith na seachtaine dar tosach 12 Iúil.
Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí ag próiseáil na n-íocaíochtaí seo faoi láthair agus gheobhaidh na custaiméirí seo dearbhú i scríbhinn faoin lá inniu, an 21 Meitheamh, á gcur ar an eolas faoina dteidlíocht uathoibríoch. Eiseoidh an Roinn íocaíochtaí dar luach thart ar €42 milliún do na teaghlaigh seo i rith na seachtaine dar tosach an 12 Iúil. Tá an Rialtas ag soláthar €53.5 milliún don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua i mbliana.
Beidh ar theaghlaigh nach bhfaigheann fógra ón Roinn faoi íocaíocht uathoibrithe inniu iarratas a dhéanamh ar líne ar www.MyWelfare.ie fiú má fuair siad íocaíocht anuraidh. Is féidir iarratais ar líne a dhéanamh am ar bith ón 21 Meitheamh.
Tá línte teileafóin tiomnaithe 071 9193318 agus 0818 11 11 13 á gcur ar fáil ag an Roinn chun fiosrúcháin a bhaineann leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua a fhreagairt le linn gnáthuaireanta gnó Luan go hAoine ó 9.00rn go 5.00in. Tá rogha ag daoine freisin ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag bscfa@welfare.ie má tá fiosrúchán acu maidir lena n-iarratas nó a dteidlíocht.
Is é an 30 Meán Fómhair 2021 an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua na bliana seo.
CRÍOCH
Tá tuilleadh faisnéise faoi chritéir incháilitheachta don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar fáil sa nóta faoi iamh.