Tá ríthábhacht ag baint le gaoth amach ón gcósta sna Mara Thuaidh maidir le hiomaíochas leanúnach na hEorpa, a deir an tAire Ryan os comhair ceannairí Eorpacha
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, le toscaireacht ceannairí Eorpacha inniu go mbeadh ríthábhacht ag baint le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus hidrigin ghlas amach ón gcósta a sholáthar maidir le fás agus iomaíochas amach anseo an Aontais Eorpaigh.
Bhí an tAire Ryan ag labhairt ag Cruinniú Aireachta Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh don bhliain 2024 i gCóbanhávan, an Danmhairg. Tá na balltíortha den Chomhar Fuinnimh, Éire ina measc, ag obair i dtreo 300 gigeavata (GW) ar a laghad d’fhuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a sholáthar faoin mbliain 2050. Agus acmhainní ollmhóra fuinnimh gaoithe amach ón gcósta aige, meastar go bhfuil limistéar na Mara Thuaidh in áit uathúil chun forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta agus forbairt hidrigine in-athnuaite amach ón gcósta a stiúradh.
Chuir Airí an Chomhair Fuinnimh sraith moltaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh nua chun cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin atá le sárú ag an tionscal agus é ag féachaint lena uaillmhianta a bhaint amach i réimse an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. Chuaigh an tAontas i mbun timthriall institiúideach nua le déanaí, agus leag sé amach Clár Oibre Straitéiseach polaitiúil nua don tréimhse 2024-2029.
Bhain na moltaí a rinne an Comhar Fuinnimh leis na nithe seo a leanas, i measc nithe eile: an gá atá le margadh fuinnimh atá comhtháite agus dea-fheidhmiúil a chinntiú ar fud na hEorpa; creat a bhunú le haghaidh pleanáil choiteann agus chun tairbhí a sholáthar agus costais a chomhroinnt; réiteach atá ceaptha chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair fuinnimh a dhí-rioscú; an gá atá le treisiú le hiomaíochas agus trédhearcacht na hEorpa sa slabhra luacha; roghanna le haghaidh hidrigin in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt sna Mara Thuaidh; agus comhar a chinntiú le gach comhpháirtí ar fud na Mara Thuaidh.
An mhí seo caite, luadh i dtuarascáil a d’ullmhaigh Mario Draghi, iar-Phríomh-Aire na hIodáile, maidir le 'Todhchaí Iomaíochas na hEorpa' nach mór don Eoraip an infheistíocht a dhéanann sí i bpríomhearnálacha, lena n-áirítear nuálaíocht agus bonneagar fuinnimh, a mhéadú go mór chun go mbeidh sí iomaíoch sa todhchaí. Chuir an Coimisiún Eorpach de chúram ar an iar-Uachtarán ar an mBanc Ceannais Eorpach tuarascáil a ullmhú maidir lena fhís do thodhchaí iomaíochas na hEorpa. Luadh sa tuarascáil gur gá cóimheas ginearálta an Aontais idir infheistíocht agus olltáirgeacht intíre (OTI) a mhéadú faoi 5% gach bliain – ar méadú é nach bhfacthas a leithéid ó na 1960í agus na 1970í – chun freastal ar riachtanais dícharbónaithe agus digitithe.
Ag labhairt dó mar chuid de phlé painéil de chuid Chruinniú Aireachta Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ar ghaoth amach ón gcósta agus hidrigin in-athnuaite amach ón gcósta, dúirt an tAire Ryan:
"Cé go bhfuil an Comhar Fuinnimh ag obair cheana féin ar chuid mhór den anailís atá sa tuarascáil ó Mario Draghi maidir le hiomaíochas an Aontais, beidh sé ríthábhachtach maoiniú an fhuinnimh in-athnuaite a mhéadú ar fud an Aontais, faoi mar a moladh sa tuarascáil.
"Chun go mbeimid iomaíoch go fóill ar an leibhéal domhanda, is gá fuinneamh in-athnuaite agus bonneagar fuinnimh a leathnú go mear agus, an tráth céanna, an margadh aonair a ghiaráil a mhéid is mó is féidir. A bhuí leis na moltaí nithiúla atá á gcur chun tosaigh inniu, cinnteofar go mbeidh na Mara Thuaidh in ann fónamh mar chomhpháirt thábhachtach maidir le hiomaíochas tionsclaíoch glan an Aontais a fheabhsú.
"Beag beann ar na dálaí deacra agus na dúshláin dheacra atá ann sa mhargadh, is maith an rud é gur mó an toilleadh fuinnimh in-athnuaite san Eoraip faoi láthair ná ag am ar bith riamh agus gur gasta an fás ar ár gcumas chun leictreachas in-athnuaite a ghiniúint faoi láthair ná ag am ar bith le tríocha bliain anuas – fágann sé sin go bhfuil fíorsheans againn toilleadh domhanda a mhéadú faoi thrí faoin mbliain 2030, ar sprioc é a leag rialtais síos ag COP28.
"Is eol dúinn freisin an acmhainneacht ollmhór atá ag fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta maidir le poist ghlasa a chruthú ar fud roinnt mhaith codanna den Eoraip. Imreoidh fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta agus hidrigin ghlas amach ón gcósta ról lárnach maidir le cabhrú leis na tíortha Eorpacha laistigh de na Mara Thuaidh ár spriocanna aeráide a bhaint amach agus ár sochaithe a dhícharbónú."
Leagadh clár oibre ilbhliantúil nua don tréimhse 2025-2027 amach ag an gCruinniú Aireachta inniu freisin. Sa phlean sin, leagtar amach gníomhaíochtaí faoi cheithre ghrúpa tacaíochta atá ar bun ag Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh cheana sna réimsí seo a leanas: Tionscadail Hibrideacha agus Comhthionscadail; Pleanáil Spáis Mhuirí agus Éiceolaíocht; Creat tacaíochta; agus maoiniú, lena n-áirítear pleanáil chomhordaithe fhadtéarmach. Cruthófar cúigiú grúpa tacaíochta i mbliana freisin, rud a dhíreoidh ar hidrigin in-athnuaite amach ón gcósta sna Mara Thuaidh.
CRÍOCH
Is é atá i gComhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ná creat réigiúnach um chomhar neamhcheangailteach deonach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Is é an aidhm atá leis forbairt fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta a chur ar aghaidh i limistéar geografach na Mara Thuaidh, lena n-áirítear Muir Éireann agus an Mhuir Cheilteach. Tá Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh bunaithe ar dhearbhú polaitiúil a glacadh sa bhliain 2016. Is iad na baill den Chomhar Fuinnimh ná Éire, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Iorua, an tSualainn agus an Coimisiún Eorpach.
Sa dearbhú polaitiúil a glacadh sa bhliain 2016 agus lenar bunaíodh Comhar Fuinnimh na Mara Thuaidh, leagadh béim ar a thábhachtaí atá comhar deonach maidir le soláthar fuinnimh atá inbhuanaithe, slán agus inacmhainne a áirithiú do thíortha na Mara Thuaidh. Síníodh dearbhú polaitiúil nuashonraithe i mí na Nollag 2021 chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip a léiriú. D’athdhearbhaigh na hAirí agus an Coimisiún an gealltanas uathu gur trí chomhar laistigh de Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh a bhainfí amach na huaillmhianta méadaithe atá acu ó thaobh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta de. Mar chuid dá bhfeidhmeanna comhair agus comhordaithe, coinníonn na baill den Chomhar Fuinnimh Amchlár do Thairiscintí agus Réadú Tionscadal le haghaidh Fuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta. Is é atá ansin ná bunachar sonraí de cheantanna beartaithe fuinnimh gaoithe amach ón gcósta i réigiún na Mara Thuaidh.
Sealbhaíonn an Coimisiún Eorpach Comh-Uachtaránacht ar Chomhar Fuinnimh na Mara Thuaidh ar bhonn buan. Comhroinneann sé an ról le ballstát amháin den Chomhar Fuinnimh ar feadh tréimhse 12 mhí ar bhonn uainíochta. Bhí an ról Comh-Uachtaránachta sin ag Éirinn sa bhliain 2022.
Ag gníomhú di sa ról sin sa bhliain 2022, d’fhéach Éire leis na nithe seo a leanas a chur chun cinn:
Gealltar sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 5 GW ar a laghad de thoilleadh suiteáilte fuinnimh gaoithe amach ón gcósta a bhaint amach faoin mbliain 2030. Tá 2 GW eile curtha in áirithe lena n-úsáid le haghaidh táirgeadh hidrigine glaise agus lasmuigh den eangach. Áirítear roinnt céimeanna forluiteacha leis an gcur chuige pleantreoraithe atá á ghlacadh ag Éirinn i leith ár spriocanna fuinnimh gaoithe amach ón gcósta:
*Céim a hAon, lena gcomhfhreagraítear do na tionscadail ábhartha uile ar éirigh leo sa chéad cheant le haghaidh leictreachas in-athnuaite amach ón gcósta (ORESS 1)
I mí na Bealtaine 2023, leagadh béim sna torthaí ón gcéad cheant de chuid na hÉireann riamh le haghaidh fuinneamh gaoithe amach ón gcósta, mar atá ORESS 1, ar uaillmhianta an Stáit maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta. Maidir leis an bpraghas rí-iomaíoch a fuarthas – arb ionann é agus €86.05/MWh (meigeavatuair) ar an meán – bhí sé ar cheann de na praghsanna is ísle atá á n-íoc ag margadh éiritheach fuinnimh gaoithe amach ón gcósta ar domhan. Fuarthas níos mó ná 3 GW de thoilleadh trí sholáthar ó cheithre thionscadal fuinnimh gaoithe amach ón gcósta faoi ORESS 1, lena seachadfar níos mó ná 12 TWh (Teireavatuair) de leictreachas in-athnuaite in aghaidh na bliana. Ba é sin an méid is mó fuinnimh in-athnuaite a fuair Éire trí sholáthar ag ceant riamh. Is leor é chun leictreachas glan a sholáthar do 2.5 milliún teach in Éirinn agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi níos mó ná 1 mhilliún tona faoin mbliain 2030.
Bhunaigh an tAire Ryan an Tascfhórsa trasrialtais um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta a Sholáthar chun a chinntiú go nglacfaí cur chuige comhtháite ar fud an rialtais, gníomhaireachtaí agus an tionscail i leith comhordú a dhéanamh ar an raon iomlán gníomhaíochtaí a theastaíonn chun go ngnóthóidh an Stát na tairbhí eacnamaíocha uile a bhaineann le forbairt fuinnimh gaoithe amach ón gcósta. Pléann an Tascfhórsa le sainaithint a dhéanamh ar na gnéithe uile den obair ar an gconair ríthábhachtach i dtreo fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sholáthar, mar aon le rioscaí a shainaithint go réamhghníomhach agus bearta gaolmhara maolúcháin a bhainistiú. Ar na gníomhartha don bhliain 2024 faoin gClár Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta de chuid an Tascfhórsa tá bearta a bhaineann le Pleananna Limistéir Mhuirí Ainmnithe agus pleanáil mhuirí, leis an mbithéagsúlacht, le nascadh leis an eangach, leis an slabhra soláthair, leis an mbeartas um chalafoirt, le scileanna agus an fórsa saothair agus le toiliú rialála.
Cheadaigh an rialtas an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 i mí na Nollag 2023, faoi réir comhairliúchán poiblí agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta. Osclófar an comhairliúchán poiblí ar ball. Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an dara plean a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis Buiséid Charbóin agus Uasteorainneacha Astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad.
Is féidir leat teacht ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Glac síntiús leis an nuachtlitir ‘Climate Action’ ó Rialtas na hÉireann.