Deichniúr céimithe le ceapadh do Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh 2021
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt, Jack Chambers, go bhfuil an scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh á réachtáil arís i mbliana. Cuireadh tús leis an scéim i 2018 agus agus tá sé dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe socrúchain oibre a fháil i réimse speisialtóireacht an aistriúcháin agus an phrofléitheoireacht.
Táthar ag súil go mbeidh deichniúr céimithe ceaptha arís i mlbiana agus i mbun taithí oibre sa bhfómhar. Beidh ochtar de na céimithe ag cuidiú le haistriú reachtaíochta agus dlíthe an Aontais Eorpaigh - an acquis communautaire - go príomha le linn an tsocrucháin oibre. Beidh beirt ag obair mar phrofléitheoirí faoi mhaoirseacht in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu. Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil do na hintéirneachtaí seo ar feadh tréimhse 10 mí.
Ag fógairt na scéime i mbliana dúirt an tAire Martin:
“Is onóir dom go bhfuil ar chumas mo Roinne a leithid de scéim a reáchtáil arís i mbliana, go mór mór agus muid ag iarraidh an sprioc a bhaineann le maolú ar úsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre an Aontais Eorpaigh a bhaint amach roimh dheireadh na bliana seo. Beidh an scéim seo mar chuidiú chun folúntais san Eoraip a líonadh agus is deis iontach do chéimithe é táithí oibre a fháil sna réimsí oibre seo agus iad ag obair sna hInstitiúidí Eorpacha”.
Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:
“Tá an-rath ar an scéim seo ó cuireadh ar bun é in 2018. Tugann sé deis do dhaoine óga blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúnt a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo. Cheana féin tá roinnt mhaith de na hintéirnithe tar éis poist eile a fháil sna hInstitiúdí tar éis dóibh an intéirneacht seo a dhéanamh agus tá súil agam go n-éireoidh go geal le hintéirní nab liana seo chomh maith.”
Is féidir gach eolas faoin scéim a fháil ag:
https://www.gov.ie/en/news/ed02d-comortas-dinteirneacht-in-institiuidi-an-aontais-eorpaigh-maoinithe-ag-an-roinn-turasoireachta-cultuir-ealaion-gaeltachta-spoirt-agus-mean/
Nóta do na heagarthóirí
Bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre ar an nGaeilge san AE ón 1 Eanáir 2007 faoi Rialachán 920/2005. San áireamh sa Rialachán, bhí maolú ar úsáid na teanga a bhí le hathbhreithniú gach cúig bliana agus an chéad tréimhse le leanúint go dtí an 31 Nollaig 2011. Mar thoradh ar an gcéad athbhreithniú, cuireadh síneadh leis an maolú go dtí an 31 Nollaig 2016 faoi Rialachán 1257/2010. Faoi théarmaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm ó bhí 2007 ann, níor ghá ach dlíthe AE a rinneadh faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge.
I mí na Nollag 2015, ghlac an Chomhairle Eorpach le rialachán dírithe ar dheireadh a chur leis an maolú ar bhonn incriminteach faoi dheireadh na bliana 2021. Tá institiúidí an AE ag ullmhú anois le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ag an leibhéal céanna le teangacha oifigiúla eile AE.
Seo a leanas an clár ama do mhéadú incriminteach na reachtaíochta atá le haistriú:
Achtanna | Dátaí |
Treoracha glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017 |
Cinntí glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2018 |
Treoracha glactha ag an gComhairle atá dírithe ar gach Ballstát | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020 |
Rialacháin glactha ag an gComhairle | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020 |
Cinntí glactha ag an gComhairle nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2020 |
Rialacháin glactha ag an gCoimisiún | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021 |
Treoracha glactha ag an gCoimisiún atá dírithe ar gach Ballstát | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021 |
Cinntí glactha ag an gCoimisiún nach bhfuil sé sonraithe iontu cé air a bhfuil siad dírithe | Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2021 |