Fógraíonn an tAire Martin buaiteoirí Ghradam Markievicz 2021
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, deichniúr buaiteoirí nua Ghradam Markievicz. Is cuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán an scéim sparántachta seo d’ealaíontóirí. Tá sé mar aidhm ag Gradam Markievicz tacú le healaíontóirí chun a gceird a fhorbairt agus ealaín den scoth a chruthú a aithníonn agus a dhéanann comóradh ar ról na mban san am atá caite agus sa tréimhse a gclúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán go háirithe.
Bronnfar na 10 ndámhachtain a fógraíodh inniu ar na healaíontóirí Zoë Ashe-Browne (Damhsa), Barbara Bergin (Drámaíocht), Ursula Burke (Amharc-ealaíona), Gemma Dunleavy (Ceol), Eleanor Hooker (Litríocht - Béarla), Oonagh Kearney (Scannánaíocht), Louise Mulcahy (Na hEalaíona Traidisiúnta), Zoe Ní Riordáin (Drámaíocht), Jennifer Thorp (Litríocht - Béarla) agus Eimear Walshe (Amharc-ealaíona).
Mar a d’fhógair an tAire i mí na Nollag, bronnfar dámhachtainí faoin scéim gach bliain sa tréimhse idir 2021 agus 2023 ar suas go 10 ealaíontóirí (ealaíontóir atá ag obair ina aonar nó ealaíontóir atá ag obair i bpáirt le healaíontóirí eile) – dhá oiread an méid a bronnadh sna blianta roimhe seo. Bronnfar €25k ar dhuine aonair nó ar ghrúpa, bronnadh €20k sna blianta roimhe seo. Tá an scéim á riar ag an Roinn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm buaiteoirí Ghradam Markievicz a fhógairt inniu. Méadaíodh an scéim seo go mór don tréimhse idir 2021 agus 2023. Tugann na Gradaim seo urraim do Constance de Markievicz – a bhí ina healaíontóir í féin – agus tacaíocht d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a chruthú a léiríonn ról na mban san am ata caite, go mór mór sa tréimhse a chlúdaítear i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Is í 2021 tríú bliain na scéime rathúla seo agus táim tiomanta d’ealaíontóirí a thacú agus a chothú ar bhealach fiúnta le linn na héigeandála sláinte atá ag tarlú mar thoradh ar phaindéim COVID-19.”
Tacóidh an méadú suntasach ar luach agus ar líon na ndámhachtainí a dhéanfar go bliantúil le hiarrachtaí an Aire faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012- 2023 feasacht ar ról na mban, go mór mór le linn na tréimhse réabhlóidí, a léiriú agus a ardú.
Dúirt an tAire Martin:
“Tá sé tábhachtach go ndírítear aird ar ról na mban i dtréimhse dheiridh Dheich mBliana na gCuimhneachán. Táim ag súil le dul chun cinn na n-ealaíontóirí agus na saothair nua a chruthófar mar thoradh ar na dámhachtainí seo a fheiceáil - cuirfidh an dá ghné seo leis an bplé ar ról ríthábhachtach na mban sa chéad 100 bliain dár gcuid neamhspleáchais.”