Seolann an tAire Meabhairshláinte bileog tacaíochta meabhairshláinte nuashonraithe do leanaí agus do dhaoine óga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Stáit Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, bileog tacaíochta meabhairshláinte nuashonraithe inniu do leanaí agus do dhaoine óga.
Ardóidh an bhileog seo feasacht, treoróidh sé agus soláthróidh sé sonraí faoi roinnt eagraíochtaí náisiúnta arna maoiniú ag FSS a sholáthraíonn tacaíochtaí agus seirbhísí meabhairshláinte éagsúla do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh ar fud na tíre. Tá sonraí faoi na seirbhísí seo agus go leor eile ar fáil freisin ar www.yourmentalhealth.ie nó trí ghlaoch a chur ar 1800 111 888.
Bhí an bhileog, a seoladh i dtosach anuraidh, mar thoradh ar chomhoibriú idir an Roinn Sláinte agus an Roinn Oideachais, le cúnamh ó FSS, agus scaipeadh í ar 4,000 scoil ar fud na tíre. Déanfaidh an Roinn Oideachais an bhileog nuashonraithe a dháileadh ar gach scoil agus cuirfidh sí ar fáil go leictreonach agus i gcóip chrua í ionas go mbeidh sí inrochtana ag an oiread leanaí, daoine óga, múinteoirí agus tuismitheoirí agus is féidir.
Dúirt an tAire Butler:
“Caithfimid gach deis a thapú chun na seirbhísí agus na tacaíochtaí meabhairshláinte atá ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga inár bpobail a chur chun cinn. Tá an oiread sin eagraíochtaí deonacha agus pobail ag soláthar tacaíochtaí luachmhara do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh ar fud na tíre.
“Tá ríméad orm go mbeidh an bhileog nuashonraithe seo ar fáil arís agus tá súil agam go gcuideoidh sé le leanaí agus daoine óga na tacaíochtaí a theastaíonn uathu a fháil. Tá áthas ar leith orm teacht le chéile arís le comhghleacaithe sa Roinn Oideachais lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis seo á cur ar fáil do phobail scoile. Beidh an bhileog nuashonraithe ar fáil ar líne le híoslódáil dóibh siúd atá ag obair le daoine óga i gcoláistí, in ollscoileanna agus in eagraíochtaí óige."
Dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley, TD:
"Tá an-áthas orm oibriú le mo chomhghleacaí an tAire Butler chun tacú le meabhairshláinte agus folláine ár ndaoine óga. Táim ag tnúth le comhoibriú leanúnach leis an Roinn Sláinte chun meabhairshláinte agus folláine dhearfach a chur chun cinn dár leanaí agus daoine óga go léir."
Tá an bhileog ar fáil le híoslódáil ag https://www.gov.ie/en/publication/c803e-managing-your-mood/#supports