Seolann an tAire McConalogue Clár nua um Aistriú Eolais
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Stáit, Martin Heydon T.D., seoladh an chláir um Aistriú Eolais inniu de réir Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann 2023-2027.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá ríméad orm an Clár nua um Aistriú Eolais a sheoladh. Is garsprioc thábhachtach eile í maidir le cur i bhfeidhm an Chomhbheartais Talmhaíochta nua (CBT). Cothóidh an Clár nua seo malartú eolais agus nuálaíocht idir comhairleoirí, feirmeoirí agus páirtithe leasmhara eile, agus beidh ról ríthábhachtach aige maidir le cabhrú le feirmeoirí dul i ngleic le dúshláin reatha agus sa todhchaí.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin,
“Tógfaidh an Clár nua seo ar a baineadh amach ag a réamhtheachtaí de réir an Chláir um Fhorbairt Tuaithe 2014-2020. Cuirfidh sé le forbairt níos leithne na gCóras Eolais agus Nuálaíochta Talmhaíochta (CENT) trí thairbhe a bhaint as eolas na ndaoine a oibríonn sa ghnó agraibhia. Táim ag tnúth le rannpháirtíocht na gcomhairleoirí agus na bhfeirmeoirí sa Chlár nua um Aistriú Eolais - a dhéanfaidh tairbhe do ghnóthaí feirme na hÉireann - toisc go measfar rath an chláir leis seo.”
Mhaígh an tAire Heydon, a bhfuil freagracht speisialta ar shábháilteacht feirme air:
“Is deis thábhachtach é an Clár nua um Aistriú Eolais chun tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí ionas go mbeidh rochtain acu ar eolas ar réimse leathan ábhar, inbhuanaitheacht chomhshaoil, teicneolaíocht dhigiteach agus chliste, agus pleanáil chomharbais san áireamh.
Dúirt an tAire Heydon freisin,
“Táim an-sásta gur cuireadh sláinte, sábháilteacht agus folláine feirme san áireamh sa chlár nua, agus gur tugadh tús áite dóibh. Tá an phiarfhoghlaim go mór taobh thiar d'athrú iompraíochta agus léiríodh gur modh éifeachtach í chun feabhas a chur le sábháilteacht feirme. Deimhníonn sé sin go gclúdaíonn an clár inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil chomh maith le hinbhuanaitheacht shóisialta ar fheirmeacha.”
CRÍOCH
(Mar eolas, ní bhaineann an Clár um Aistriú Eolais seo le Clár saincheaptha um Aistriú Eolais a bhaineann go sonrach le foraoiseacht, a d'fhógair an tAire Stáit Pippa Hackett ar an 12 Iúil.)
Conas iarratas a chur isteach
Próiseas dhá chéim atá ann
1.Glactar le Léirithe Spéise le bheith mar Éascaitheoir um Aistriú Eolais ó chomhairleoirí ar ghlac an Córas Comhairleach Feirme leo ar líne tríd an nasc seo www.agfood.ie faoin Aoine an 1 Meán Fómhair 2023.
2.Má ghlactar leo, iarrfar ar an Éascaitheoir um Aistriú Eolais iarratas a chur isteach ar Ghrúpa um Aistriú Eolais agus Rannpháirtithe an Ghrúpa a ainmniú ar an gCóras um Aistriú Eolais ar líne faoin 31 Deireadh Fómhair 2023.
Gheobhaidh rannpháirtithe aisíocaíocht suas le €750 in aghaidh na bliana sa chás go gcomhlíontar riachtanais uile an Chláir.
Gheobhaidh éascaitheoirí €500 in aghaidh na bliana in aghaidh an Rannpháirtí ina nGrúpa(í) sa chás go gcomhlíontar riachtanais uile an Chláir.
Is féidir le 20 rannpháirtí ar a mhéad a bheith i ngach Grúpa um Aistriú Eolais agus ní mór do gach rannpháirtí freastal ar 8 gcruinniú grúpa agus cruinniú duine le duine leis an Éascaitheoir um Aistriú Eolais gach bliain den Chlár 3 bliana.
Tá Téarmaí & Coinníollacha an Chláir um Aistriú Eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: gov.ie - Clár um Aistriú Eolais 2024-2026 (www.gov.ie)
Ríomhphost: ktinformation@agriculture.gov.ie
Uimhir theileafóin: +353 (0) 57 867 44 22