Sáraíodh an sprioc maidir le huaireanta Cúnaimh Phearsanta a sholáthar do mhaireachtáil neamhspleách in 2020 – an tAire Anne Rabbitte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mhol an tAire Stáit Míchumais, Anne Rabbitte, T.D., FSS agus soláthraithe seirbhíse as an sprioc soláthair uaireanta Cúnaimh Phearsanta (CP) do dhaoine faoi mhíchumas a shárú in 2020.
Ba í an sprioc a leagadh amach sa Phlean Seirbhíse Náisiúnta (an PSN) don bhliain 2020 1.67 milliún uair an chloig CP, ach thug FSS le fios gurbh é an líon iomlán uaireanta a soláthraíodh 1.78 milliún, arb ionann seo agus 110,000 uair an chloig sa bhreis, nó 6.7% os cionn na sprice. Baineadh é seo amach in ainneoin phaindéim COVID-19, agus go raibh FSS agus na heagraíochtaí seirbhíse oibriúcháin a bhí mar chomhpháirtithe leis ag oibriú faoi na srianta a chuir an treoir sláinte poiblí i bhfeidhm.
Dúirt an tAire Rabbitte,
“Tá gliondar croí orm a thabhairt faoi deara, in ainneoin dhianghlasáil 2020, gur sháraigh an líon uaireanta de Chúnamh Pearsanta a cistíodh faoi Shláinte an sprioc a leagadh amach dóibh sa PSN agus gur soláthraíodh ní ba mhó uaireanta an chloig lena chinntiú go gcabhraítear le daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách laistigh de na pobail ina gcónaíonn siad.
“Nuair a thit paindéim COVID-19 amach i dtosach, chuir sé isteach ar sholáthar roinnt seirbhísí míchumais agus, i gcás roinnt daoine, chuir sé leis an tábhacht a bhaineann le cúnamh pearsanta lena chinntiú go raibh rudaí mar a bhídís go pointe áirithe de réir a chuamar i dtaithí ar an saol agus Covid-19 buailte linn. Cuireadh go leor de na huaireanta breise seo ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas in ionad seirbhíse nach raibh siad in ann freastal uirthi mar gheall ar Covid.
“Labhair mé le go leor daoine, eagraíochtaí agus grúpaí abhcóideachta agus tuigim an tábhacht a bhaineann le Cúntóirí Pearsanta agus le maireachtáil go neamhspleách i measc daoine faoi mhíchumas. Ceapaim gur limistéar é inar gá dúinn an infheistíocht ann a mhéadú, agus tá an rialtas seo tiomanta don líon uaireanta CP atá á soláthar a mhéadú. Seo an fáth gur chinntigh mé go bhfuil cistiú breise €600,000 á chur ar fáil d’uaireanta CP in 2021.
“Ceapaim go mór gur cheart go mbeadh daoine in ann teacht ar na seirbhísí is fearr agus is féidir chun tacú leis an saol a roghnaíonn siad a mhaireachtáil agus go mbíonn bealaí eile agus nuálacha ar fáil chun na seirbhísí seo a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas.
“Thug mé faoi deara ag gach céim de ghéarchéim Covid go raibh FSS, agus eagraíochtaí Alt 38 agus 39 ag dul in oiriúint agus go raibh seirbhísí bunriachtanacha á soláthar acu ar fud na tíre faoi chúinsí dúshlánacha, agus neartaíonn na huaireanta breise CP a cuireadh ar fáil é seo freisin.”
Cuireann uaireanta Cúnaimh Phearsanta ar chumas daoine faoi mhíchumas maireachtáil chomh neamhspleách agus is féidir, agus is ag an úsáideoir seirbhíse a bhíonn an t-údarás iomlán chun na tacaíochtaí a sholáthraítear dóibh a stiúradh iad féin chun freastal ar a riachtanais aonair.
CRÍOCH