Seoltar tuarascáil an athbhreithnithe fianaise ón mBord Taighde Sláinte ar sheirbhísí cóireála dédhiagnóise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanfaidh Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, agus Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, tuarascáil an athbhreithnithe fianaise ón mBord Taighde Sláinte a sheoladh inniu, rud dar teideal Seirbhísí cóireála do dhaoine a bhfuil comhfhadhbanna úsáide substaintí agus meabhairshláinte acu: sintéis réalaíoch thapa. Ba í foireann ó Lárionad Beartais Sláinte Georgia sna Stáit Aontaithe a chuir an tuarascáil le chéile agus tá sí mar chuid den tsraith Athbhreithnithe Fianaise atá á ndéanamh ag an mBord Taighde Sláinte ar Dhrugaí agus Alcól.
Cé go bhfuil dea-fhianaise ann go mbaintear torthaí cóireála níos fearr amach nuair a chomhtháthaítear seirbhísí meabhairshláinte agus seirbhísí andúile, is amhlaidh go bhfuil sé doiligh an comhtháthú sin a chur chun feidhme. Ní coincheap aonair a bhaineann le cóireáil nó caidreamh ar leith i measc soláthraithe é comhtháthú. Ina ionad sin, is punann chasta ilghnéitheach é atá comhdhéanta de chodanna idirghaolmhara de chóras. Ba é cuspóir an athbhreithnithe ón mBord Taighde Sláinte ná a thuiscint cé na gnéithe sin den phróiseas comhtháthaithe lena mbaineann an dóchúlacht is mó go mbainfí torthaí cóireála níos fearr amach.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire Byrne,
“Tá lúcháir orm tuarascáil an athbhreithnithe fianaise ar dhédhiagnóis a sheoladh in éineacht leis an Aire Jim Daly. Gealltar sa Straitéis Náisiúnta Drugaí uainn go gcuirfear feabhas ar thorthaí do dhaoine a bhfuil comhfhadhbanna meabhairghalair agus mí-úsáide substaintí acu. Teastaíonn comhtháthú idir seirbhísí andúile agus seirbhísí meabhairshláinte agus cóireáil á tabhairt do dhaoine a bhfuil dédhiagnóis acu. Táimid ag obair le chéile chun a chinntiú go bhfaighidh othair a bhfuil dédhiagnóis acu measúnú, atreorú ar aghaidh agus rochtain thráthúil ar chóireáil chuí.
Baineann tábhacht ar leith leis an athbhreithniú fianaise seo toisc go dtabharfaidh sé tuiscint níos fearr dúinn ar na nithe a n-éiríonn leo. Ar an mbealach sin, beimid in ann seirbhísí meabhairshláinte agus seirbhísí andúile a sholáthar atá comhtháthaithe ar bhealach níos fearr agus a bhaineann torthaí níos fearr amach do dhaoine a bhfuil dédhiagnóis acu. Leithdháil an Roinn Sláinte cistiú €1.5 milliún le haghaidh seirbhísí dédhiagnóise sa bhliain 2019.”
D’iarr an Bord Taighde Sláinte ar fhoireann an athbhreithnithe cur chuige réalaíoch a ghlacadh i leith staidéar a dhéanamh ar an litríocht ar an topaic. Mar sin, d’fhéach an fhoireann le sainaithint a dhéanamh ar na saintréithe nó na sásraí sin lena mbaineann an dóchúlacht is mó go gcuirfí cóireálacha fianaisebhunaithe chun feidhme go rathúil. D’fhéach an fhoireann freisin le sainaithint a dhéanamh ar na comhthéacsanna ina dtarlaíonn an t-athrú sin.
Tá fionnachtana an athbhreithnithe grúpáilte sna réimsí torthaí seo a leanas: comhtháthú, rochtain, agus torthaí cóireála don duine aonair agus don teaghlach. Cuirtear síos sa staidéar ar chreat ceithre leibhéal do chomhtháthú, rud a dtreoraíonn an lucht déanta beartas, soláthraithe agus cliaint é i gcomhar lena chéile ar leibhéal beartais, ar leibhéal na heagraíochta nó an tsoláthraí, ar leibhéal cóireála agus ar leibhéal an duine aonair. Is gá beartais agus acmhainní a ailíniú ar mhaithe le dreasachtaí a chruthú le haghaidh cúram comhtháite a sholáthar. Ag an am céanna, coinneoidh fórsa saothair atá eolasach agus comhordaithe an duine aonair ag croílár an chúraim.
Dúirt an tAire Daly,
“Tá lúcháir orm bheith anseo inniu chun cabhrú leis an tuarascáil nua ón mBord Taighde Sláinte maidir le dédhiagnóis a sheoladh agus chun an comhrá ar an tsaincheist thábhachtach sin a choinneáil ar bun. Is minic a bhíonn daoine a bhfuil fadhbanna andúile agus fadhbanna meabhairshláinte araon acu i measc na ndaoine is soghonta sa tsochaí. Is gá dúinn a chinntiú go mbeidh an chóireáil a thugtar do na daoine sin bunaithe ar bhonn láidir fianaise agus ar an dea-chleachtas. Leis an tuarascáil seo, cuirtear arís eile leis an tuiscint mhéadaitheach atá againn ar na castachtaí a bhaineann le dédhiagnóis. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag leanúint lena soláthar seirbhíse a fhorbairt ó thaobh dédhiagnóise de agus táim ag súil le dul chun cinn a fheiceáil ina leith sin sna míonna atá romhainn.”
CRÍOCH