Fógraíonn an tAire Joe O’Brien 18 tionscadal atá le maoiniú faoin gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta 2023
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Lánpháirtíocht agus Carthanais, Joe O’Brien, inniu an 18 tionscadal atá chun maoiniú de €2,872,412 a fháil, thar thréimhse trí bliana, faoin gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta 2023.
Bunaíodh an CLN mar fhreagra ar Aicsean 6 den Straitéis um Lánpháirtíocht Imirceach– Eolas an Bhealaigh don Am atá Romhainn, lena n-éilítear maoiniú a chur ar fáil le tionscnaimh gníomhaíochta dearfacha a chur chun cinn i réimsí ina mbíonn deacrachtaí ag inimircigh deiseanna a thapú ar bhonn cothrom le baill eile de mhuintir na hÉireann.
Agus fáilte á cur aige roimh an bhfógra, Dúirt an tAire O’Brien:
“Tá tograí uaillmhianacha leagtha amach ag an 18 tionscadal ar bronnadh maoiniú orthu inniu faoin gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta chun cabhrú lena gcuid oibre maidir le tacaíocht a thabhairt do lánpháirtiú rathúil na ndaoine a thagann chun na hÉireann agus é de mhian acu saol a chruthú dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Is uirlis ríthábhachtach é an Ciste Lánpháirtíochta Náisiúnta i dtaca le grúpaí pobail a chur ar a gcumas chun leanúint leis an obair seo, a bhfuil tábhacht as cuimse ag baint léi.
Is maith is eol dom go bhfuil i bhfad níos mó ná an 18 a fógraíodh inniu i mbun na hoibre lánpháirtíochta seo, atá thar a bheith tábhachtach, agus is é sin an fáth gurb é atá i gceist leis an gCiste Lánpháirtíochta Náisiúnta ná céim amháin eile den obair leanúnach ag leibhéal an Rialtais chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do phobail i dtaca le beartais lánpháirtíochta.
D’fhógair mé Ciste Lánpháirtíochta na bPobal an tseachtain seo caite agus beidh oscailt an bhabhta is déanaí den Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht á fógairt agam gan mhoill. Tá mé ag iarraidh leanúint liom ag obair agus ag tacú leis na grúpaí pobail a bhfuil obair na gcapall idir lámha acu maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus do phobail."
Bhí an ghairm ar thograí de chuid an Chiste Lánpháirtíochta Náisiúnta 2023 ar siúl ón 2 Deireadh Fómhair 2023 – 1 Samhain 2023. Cuireadh €861,724 ar fáil in aghaidh na bliana, le trí bliana anuas, chun tacú leis an 18 tionscadal rathúil trí mhaoiniú deontais de €25,000 - €200,000 do gach tionscadal rathúil.
Tionscadail Rathúla:
Ainm na hEagraíochta: | Ainm an Tionscadail: | An Méid a Bronnadh: | Raon Feidhme Geografach: |
Comharchumann Pobail Bhaile Átha Cliath (‘The Co-op’) | Tionscadal um Neart san Éagsúlacht | €200,000 | Baile Átha Cliath |
Fócas Éireann | Ag Tacú trí Thuiscint | €150,000 | Ceatharlach, an Clár, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Ciarraí, Cill Dara, Cill Chainnigh, Liatroim, Luimneach, Muineachán, Sligeach, Tiobraid Árann, Port Láirge agus Loch Garman |
Foróige | An Cumasc (Ag Scriosadh Línte Teorainneacha i mBaile Átha Cliath Thuaidh) | €199,984 | Baile Átha Cliath |
An Comhghrúpa um Dhóchas agus Misneach | Ag tógáil éiceachóras de phobail uilechuimsitheacha agus athléimneacha | €68,898 | An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath agus Ciarraí |
Líonra i gCoinne an Chiníochais in Éirinn (LCCE) | Ceardlann Frithchiníochais agus Rannpháirtíocht Polaitíochta le haghaidh Pobail Eitneach Mionlaigh | €128,239 | Baile Átha Cliath, Gaillimh, Corcaigh, an Longfort, an Cabhán, an Iarmhí, Cill Dara, an Mhí, an Lú, Ceatharlach, Ros Comáin, Loch Garman, an Clár, Dún na nGall, Laois, Luimneach, Maigh Eo, Tiobraid Árann, Port Láirge. |
Comhairle Dídeanaithe na hÉireann | Conairí chuig tithíocht in Éirinn: ag tacú le pobail nua maidir lena saoil a thógáil in Éirinn | €118,081 | Baile Átha Cliath |
LADT Éireann | Slite an Bhogha Báistí i dtreo Lánpháirtíochta Pobail | €157,587 | Ar fud na tíre |
Obair Dheonach Logánú | Obair Dheonach le haghaidh Cách | €195,000 | Corcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Luimneach |
Comhpháirtíocht na Mí | Aghaidheanna Aitheanta | €172,903 | An Mhí |
Nasc, an tIonad um Chearta Imirceach agus Dídeanaithe | An Mol Abhcóideachta Inimirce | €176,321 | Corcaigh |
Ré Nua - Grúpa Tacaíochta Dídeanaithe agus Iarrthóirí Tearmainn Bhaile Átha Luain | Clár Lánpháirtíochta na hÓige Ré Nua | €150,000 | An Iarmhí |
Áiteanna Tearmainn Éireann | Tearmann san Oideachas- Níos Láidre le Chéile | €169,598 | Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Ciarraí, Cill Dara, Liatroim, Luimneach, an Longfort, an Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Sligeach, an Iarmhí agus Cill Mhantáin |
Comhpháirtíocht Chontae Bhaile Átha Cliath Theas | An Tionscadal um Lánpháirtíocht Imirceach | €198,974 | Baile Átha Cliath |
Ionad na nOibrithe Deonacha Chontae Bhaile Átha Cliath Theas | Rannpháirtíocht na nOibrithe Deonacha Mhol Iompair Iarthair na Cathrach | €50,000 | Baile Átha Cliath |
CLG Reathaithe an Tearmainn | Iarratas ar Bhunmhaoiniú | €200,000 | Ar fud na tíre |
An Tríú hAois | Fáilte Isteach | €193,500 | Ar fud na tíre |
Ionad Géarchéime na hÚcráine in Éirinn (IGUE) | Mósáic: Tionscnamh de chuid UCCI i dtaca le Meabhairshláinte, folláine agus Lánpháirtíocht Imirceach | €199,929 | Ar fud na tíre |
Ionad Acmhainní Teaghlaigh agus Pobail Chathair na Mart | An Tionscadal Uilechuimsithe Pobail Chathair na Mart | €143,399 | Gaillimh, Maigh Eo agus Ros Comáin |