Buiséad 2022 le €31 milliún sa bhreis a Sheachadadh do Shláinte na mBan - Dé hAoine an 15 Deireadh Fómhair 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh an infheistíocht shuntasach bhreise a fógraíodh i mBuiséad 2022 chun tacú le Sláinte na mBan.
Soláthraíonn an €31 milliún breise bunús le haghaidh clár gníomhaíochta lánmhaoinithe ar Shláinte na mBan in 2022. Díreoidh an plean gníomhaíochta ar an mbonn do shláinte na mban a fheabhsú trí infheistíocht a dhéanamh i gcur chun feidhme beartais; dul i ngleic leis na saincheisteanna a dúirt mná gur mhaith leo a fheiceáil feabhsaithe; agus cur chuigí nuálacha nua i leith sláinte na mban a mhaoiniú.
Déanfaidh Buiséad 2022:
Dúirt an tAire Donnelly:
“Léiríonn an infheistíocht seo tiomantas an Rialtais éisteacht le mná agus freagairt le gníomh. Trí obair Thascfhórsa Sláinte na mBan, tá mná tar éis a chur in iúl dúinn cá bhfuil siad ag iarraidh athruithe a fheiceáil. Léiríonn an buiséad seo trí mhéadú mór ar infheistíocht i sláinte na mban, agus maoiniú spriocdhírithe i bpríomhréimsí mar sos míostraithe, cúram máithreachais agus meabhairshláinte.”
Rinneadh feabhsuithe suntasacha ar sheirbhísí sláinte na mban in 2021, lena n-áirítear:
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cinnteoidh an infheistíocht bhreise i mór-réimsí seirbhíse a fhéachann le tacú le torthaí Sláinte na mBan go leanann Sláintecare ar aghaidh ag seachadadh do mhná, ag feabhsú taithí othar agus úsáideoirí agus ag baint amach torthaí níos fearr.”