Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler mionsonraí de mhaoiniú breise €10 milliún do mheabhairshláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler, TD inniu sonraí an mhaoinithe €10 milliún breise aonuaire do mheabhairshláinte, a fógraíodh ar Lá an Bhuiséid.
Dúirt an tAire Butler
“Bhí sé thar a bheith tábhachtach dom a chinntiú go mbainfeadh an oiread daoine agus is féidir leas as an maoiniú seo. Agus an méid sin san áireamh, leithdháilfear os cionn €7 milliún chun eispéiris na ndaoine a úsáideann aonaid othar cónaitheach meabhairshláinte, ionaid lae, foirne meabhairshláinte pobail agus áiteanna cónaithe pobail i ngach pobal ar fud na tíre a fheabhsú. Úsáidfear maoiniú chun timpeallachtaí fisiciúla roinnt ionad a fheabhsú agus chun raon na dtacaí sóisialta agus teiripeacha atá ar fáil a fheabhsú”.
Mar chuid den mhaoiniú seo, cuirfear €1.8 milliún ar fáil do sheirbhísí meabhairshláinte chun feithiclí glasa nó hibrideacha a chur in ionad na flíteanna i ngach Eagraíocht Cúraim Sláinte Pobail (CHO).
Dúirt an tAire Butler
“Rinne mé iarracht a chinntiú freisin go mbeidh tionchar ag an gciste seo ar ghrúpaí áirithe daoine aonair agus ar réimsí ar leith de sheachadadh na seirbhíse meabhairshláinte. Leithdháileadh os cionn €1 milliún chun seirbhísí agus tacaíochtaí a fheabhsú i réimsí mar mheabhairshláinte imbhreithe, meabhairshláinte na bhfear, cúram eolasach tráma, mionlaigh eitneacha, lena n-áirítear pobal an Lucht Siúil agus na Romach, neamhoird itheacháin agus dé-dhiagnóis”.
I measc na réimsí infheistíochta ar leibhéal CHO tá, mar shampla, leithdháileadh €150,000 chun cúram meabhairshláinte othar cónaitheach in CHO 5 a fheabhsú; €500,000 le haghaidh soláthar seirbhísí lae meabhairshláinte i gceantar Oirthear Chorcaí; agus €170,000 as oibriú leanúnach an chaifé géarchéime meabhairshláinte i nGaillimh.
Cuirfear beagnach €3 mhilliún ar fáil don earnáil phobail agus dheonach, lena n-áirítear maoiniú €1 milliún chun seachadadh leanúnach seisiún comhairleoireachta saor in aisce trí MyMind, a sholáthraíonn tacaíocht i 17 dteanga dhifriúla do dhaoine ar fud na tíre. Tá sé seo tábhachtach go háirithe i bhfianaise thionchar leanúnach na paindéime COVID-19 ar mheabhairshláinte mhuintir na hÉireann.
Déanfaidh Meabhairshláinte Éireann maoiniú de €1 milliún a dháileadh trína líonra fairsing eagraíochtaí meabhairshláinte ar leithligh i bpobail áitiúla ar fud na tíre. Fógróidh Meabhairshláinte Éireann glao ar iarratais chun leas a bhaint as maoiniú den sórt sin go gairid.
Ar deireadh dúirt an tAire Butler
“Táim muiníneach go dtiocfaidh feabhas mór ar eispéiris na ndaoine a úsáideann ár seirbhísí meabhairshláinte agus táim ag tnúth le leanúint ag obair leis na páirtithe leasmhara go léir chun ár gcóras meabhairshláinte a fheabhsú anois agus sa todhchaí."
CRÍOCH