“Is iad feirmeoirí, iascairí agus foraoiseoirí bunchloch gheilleagar na tuaithe” a deir an tAire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, ag freastal inniu ar chruinniú de Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an AE sa Bhruiséil áit a bhfuil an Comhairle ag plé Conclúid na Comhairle faoin an bhFís Fhadtéarmach do Limistéir Thuaithe. D’aontaigh an Chomhairle gur cheart go léireodh tacaíocht do limistéir thuaithe an ról lárnach atá ag limistéir thuaithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta atá roimh an AE agus a Bhallstáit, lena n-áirítear na cinn atá cruthaithe ag an staid gheopholaitiúil reatha.
Leag an tAire McConalogue beim an ngá go dtacódh beartais uile an AE le pobail tuaithe agus dúirt sé;
“Ní mór dúinn a chinntiú go n-aithnítear an ról ríthábhachtach atá ag feirmeoirí, iascairí agus foraoiseoirí mar bhunchloch an gheilleagair tuaithe agus muid ag forbairt polasaithe do cheantair thuaithe. Tá siad i gcroílár na bpobal tuaithe agus cois cósta.”
Ag labhairt ag an gComhairle, d’aibhsigh an tAire McConalogue na dúshláin mhéadaitheacha atá roimh fheirmeoirí freisin, ag rá:
“Tá dúshláin leanúnacha le sárú ag feirmeoirí na hEorpa maidir le bia a sholáthar mar aon le cinntiú go ndéantar inbhuanaitheacht an comhshaoil a bhainistiú. Tá gá ag feirmeoirí ó Chomhbheartas Talmhaíochta láidir lena chinntiú gur féidir leanúint leis an táirgeadh.”
CRÍOCH