Maoiniú faoi Phacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil fógartha ag an Aire Catherine Martin, T.D.
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá méadú ar Phacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil, príomhthacaíochtaí atá leagtha amach le scríbhneoireacht amhrán, taifeadadh agus eisiúint albam a spreagadh fógartha ag Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu.
Tá an méid maoiniúcháin atá le cur ar fáil in 2020 don phacáiste á mhéadú ó €1 mhilliún go dtí €1.7 milliún. Sin mar gheall ar líon ollmhór iarratas a fuarthas ar an nglao oscailte do na deontais tacaíochta ceoil nach raibh oscailte ach ar feadh mí amháin.
Dúirt an tAire Martin:
"De bharr an fhreagra thar a bheith láidir a bhí ar Phacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil, a bhfuil 1,795 iarratas faighte ina leith, tá sé socraithe agam maoiniú an phacáiste a mhéadú lena chinntiú go mbeidh ceoltóirí ábalta leanúint dá gcuid oibre a fhorbairt agus a roinnt i gcomhthéacs shrianta COVID."
Tagann fógra an Aire an t-am céanna leis na cinntí maoiniúcháin tosaigh atá eisithe a thacóidh le 79 gcampa scríbhneoireachta ceoil agus 56 albam nua a bheidh le heisiúint.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
"Tacaíonn an maoiniú tosaigh €725,000 seo leo sin atá ag obair i dtionscal an cheoil, ceoltóirí, innealtóirí, lucht caidreamh poiblí, na meáin, gníomhairí, lucht lipéid agus foilsitheoirí ina measc chomh maith lena chinntiú go mbeidh lucht éisteachta sa tír seo agus níos faide i gcéin ábalta sásamh a bhaint go fóill as obair iontach ár gceoltóirí."
Cuimsítear i bPacáiste Tacaíochta Thionscal an Cheoil campaí scríbhneoireachta amhrán agus eisiúint albam. Tugadh isteach é mar gheall gur cuireadh stop le taibhiúcháin bheo, agus laghdaigh sé sin an teacht isteach a bheadh ag ceoltóirí de ghnáth chun ábhar nua a fhorbairt agus a thaifeadadh nó chun albaim a eisiúint.
Baineann na cinntí maoiniúcháin atá á bhfógairt inniu le scríbhneoireacht amhrán agus eisiúintí. De bharr go raibh líon an-ard iarratas ann don tacaíocht taifeadta, déanfar cinntí i leith na scéime sin, scéim a bhfuil maoiniú beagnach €1 mhilliún ag dul léi, a fhógairt anois i lár mhí na Samhna.
First Music Contact (FMC) a dhéanfaidh Pacáiste Spreagtha Thionscal an Cheoil a bhainistiú thar ceann na Roinne.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:
“Tá súil agam go gcuideoidh an caiteachas breise seo le ceoltóirí agus ealaíontóirí leanúint den chruthú i mbliana - sin sula ndéantar a thuilleadh beartas a leathadh amach in 2021-agus cuideoidh sin le mo roinn féin an t-éileamh mór ar chúnamh atá faighte aici a shásamh.”