Déanann an tAire Martin comhghairdeas le buaiteoir Éireannach Oscar Cillian Murphy
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, comhghairdeas le Cillian Murphy inniu as gradam don Aisteoir is Fearr a bhuachan ag 96ú Gradaim an Acadaimh sa Dolby Theater in Hollywood, California.
Dúirt an tAire Martin:
“Is buachphointe d’aisteoir ar bith é gradam Oscar a bhaint amach agus tá an duais seo tuillte go maith ag Cillian dá phríomhról in Oppenheimer agus aithnítear léi an tallann iontach atá aige. Le fada, fada an lá tá lucht féachana Éireannach dá leanúint ar an stáitse agus ar an scáileán, agus anois aithnítear é i measc na n-aisteoirí is fear ar domhan. Ní amháin go bhfuil an gradam Oscar tuillte go maith aige, ach tá súil agam go mbainfidh sé gach rath amach ina scannáin amach anseo.”
Rinne an tAire Martin comhghairdeas freisin leis an scannán Poor Things, a d'fhorbair agus a léirigh an comhlacht Element Pictures, lonnaithe i mBaile Átha Cliath, as 11 ainmniúchán Oscar agus 4 ghradam a bhaint amach.
Dúirt an tAire Martin:
“Ba bhliain an-rathúil í 2023 do léiriú scannáin Éireannacha agus thallann Éireannach. Tá súil agam gur pointe tosaithe iad na gradaim Oscar seo as a dtabharfar tuilleadh aitheantais do thallann iontach thionscal scannán na hÉireann.
Dúirt sí freisin:
“Ba cheart go gcuirfeadh an t-ardú ar theorainn Chreidmheas Cánach Alt 481 ó €70m go €125m ar chumas an tionscail fiú níos mó léiriúcháin a mhealladh go hÉirinn áit a bhfuil teacht acu ar thallann den scoth taobh thiar agus os comhair an cheamara araon. Ba cheart go dtiocfadh tuilleadh éachtaí i ngach earnáil atá ag obair le scannáin, lena n-áirítear beochan agus VFX, as an teorainn a ardú.”