An Taoiseach le freastal ar chruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Rachaidh an Taoiseach Micheál Martin T.D. go dtí an Bhruiséil inniu, Déardaoin an 1 Deireadh Fómhair, le freastal ar chruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach.
Beidh cruinniú déthaobhach ag an Taoiseach le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen agus freastalóidh sé ar lón oibre Renew Europe le ceannairí eile de chuid an AE roimh chruinniú na Comhairle Eorpaigh.
Déanfaidh an Chomhairle Eorpach plé ar conas an margadh aonair a dhoimhniú agus a neartú mar phríomháis chun téarnamh geilleagrach na hEorpa a spreagadh. Déanfar cíoradh freisin ar bhealaí le feabhas a chur ar an gcumas iomaíochta atá ag earnáil tionsclaíochta na hEorpa.
Pléifidh na Ceannairí an caidreamh atá idir an Eoraip agus an tSín i ndiaidh cruinniú mullaigh a bhí le déanaí ag an AE leis an tSín. Déanfar plé chomh maith ar an gcaidreamh idir an Tuirc agus an AE, lena n-áirítear cúrsaí i réigiún na Meánmhara Thoir agus i mBealarúis.
Tabharfar faisnéis don Chomhairle Eorpach maidir le staid reatha na hidirbheartaíochta i leith Brexit, atá ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo, agus tapóidh an Taoiseach an deis léargas a thabhairt do na ceannairí eile ar a dhearcadh féin maidir lena bhfuil tarlaithe le déanaí.
Sular fhág sé dúirt AnTaoiseach,
“Táim ag tnúth le bualadh le mo chomhghleacaithe sa Bhruiséil an tseachtain seo. Nuair a bhuaileamar le chéile i mí Iúil d’aontaíomar pacáiste ar scála nach bhfacthas cheana - €1.8 trilliún chun tacú le téarnamh geilleagrach na hEorpa. Má theastaíonn uainn gach buntáiste a bhaint as an bpacáiste sin, is gá dúinn acmhainneacht an Margaidh Aonaid a neartú, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh as lámh a chéile ar ár n-acmhainní digiteacha, ar ár seasmhacht géilleagrach agus ár gcumas iomaíochta. Tá sé seo níos tábhachtaí anois ná riamh toisc go bhfuil Covid19 agus Brexit ag cur as do chúrsaí eacnamaíochta. Táim ag tnúth le clár uaillmhianach a aontú mar threoir dár gcur oibre amach anseo.’’
“Bainfidh na ceisteanna sin le hábhar freisin nuair a bheidh an tSín á plé againn, mar go mbeidh gá macnamh a dhéanamh ar ár gcaidreamh léi ó thaobh na heacnamaíochta, na trádála agus na h-infheistíocha. Anuas air sin beimid ag plé ár bhfreagrachtaí comhchoiteanna i leith athrú aeráide, cearta daonna agus comhoibriú iltaobhach.’’
“Le linn na físchomhdhála i mí Lúnasa, phléamar an chaoi a bhfuil cúrsaí i mBelarus agus rinneamar tagairt dár gcaidreamh leis an Tuirc agus do chúrsaí sa Mheánmhuir Thoir. Beimid ag plé na n-ábhar sin arís ag an gcruinniú seo.”
Críoch