Fáiltíonn an tAire Sláinte roimh rochtain Dochtúirí Teaghlaigh ar sheirbhísí diagnóiseacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh dhearbhú inniu go bhfuil FSS chun rochtain dhíreach mhéadaithe ar sheirbhísí diagnóiseacha a chur ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh ón tseachtain seo ar aghaidh. Cuirfidh an tionscnamh ar chumas Dochtúirí Teaghlaigh ar fud na tíre rochtain a fháil ar 94,000 nós imeachta diagnóiseach breise, mar shampla X-Ghathanna, scananna CT, MRIanna, agus DEXA*.
Dúirt an tAire Sláinte:
“Beidh tionchar suntasach ag an bhforbairt nua seo ar dhiagnóis agus ar chóireáil othar. Beidh rochtain níos gasta ar mhodhanna diagnóiseacha riachtanacha, agus beidh cóireáil níos tráthúla agus eispéireas feabhsaithe othar mar thoradh ar sin."
Cuideoidh na tacaíochtaí nua freisin leis na brúnna a chuirtear ar ospidéil a laghdú agus liostaí feithimh a ghiorrú.
Meastar go gcuirfear seirbhísí diagnóiseacha breise, lena n-áirítear rochtain dhíreach ar thástáil BNP, spiriméadracht, agus cardagrafaíocht mhacalla, ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh in am trátha. Tacóidh na seirbhísí seo le Dochtúirí Teaghlaigh cúram feabhsaithe othar a sholáthar laistigh den Chlár Bainistíochta um Ghalair Ainsealacha.
CRÍOCH
Tá soláthar á dhéanamh chun cur le cumas Dochtúirí Teaghlaigh othair a atreorú le haghaidh modhanna diagnóiseacha riachtanacha go díreach seachas trí shaoráidí ospidéil, mar a bhí roimhe seo. Tá sé i gceist leis seo amanna feithimh agus liostaí feithimh a laghdú, agus an brú ar chóras na n-ospidéal a laghdú.
Faoin tionscnamh, cuirfidh FSS os cionn 94,000 modh diagnóiseach ar fáil, lena n-áirítear X-ghathanna, scananna CT, agus scananna MRI, agus DEXA do Dhochtúirí Teaghlaigh trí sholáthraithe príobháideacha/ospidéil. Bronnadh conarthaí chun na seirbhísí seo a sholáthar tar éis próiseas iomaíoch tairisceana a rinne FSS go déanach in 2020. Áireofar ar na soláthraithe seirbhísí/ospidéil phríobháideacha Affidea, Alliance, Global Diagnostics, Bons Secours Thrá Lí, agus UPMC Bhaile an Fhuitialaigh.
Beidh na seirbhísí a sholáthraítear faoin tionscnamh seo ar fáil ar fud na tíre agus tríd an mbliain iomlán 2021. Glacfar cinneadh maidir le síneadh isteach sna blianta amach anseo níos déanaí in 2021. Meastar go mbeidh costas an tionscnaimh in 2021 díreach faoi bhun €13 milliún. Chuir FSS tús le forbairt na hoibre chun seirbhís inbhuanaithe diagnóisice pobail a chur i bhfeidhm sa mheántéarma.
Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe ag FSS rochtain ar sheirbhísí tástála BNP, spiriméadracht agus cardagrafaíocht mhacalla a rolladh amach chuig Dochtúirí Teaghlaigh. Tá sé i gceist go dtacóidh na seirbhísí seo le seachadadh an Chláir Bhainistíochta um Ghalair Ainsealach a bunaíodh faoi Chomhaontú Dochtúirí Teaghlaigh 2019. Seachadfaidh an Clár Bainistíochta um Ghalair Ainsealach cúram réamhghníomhach GP do 431,000 othar nuair a bheidh sé rollta amach go hiomlán, rud a chinnteoidh dhá chomhairliúchán bliantúil leis an altra cleachtaidh GP agus dhá chomhairliúchán lena ndochtúir teaghlaigh chun bainistíocht ceithre riocht a éascú (Diaibéiteas Cineál 2, asma, Galar Scamhóige Toirmeascach Ainsealach (COPD), agus galar cardashoithíoch). Meastar go bhfeabhsóidh an Clár Bainistíochta um Ghalair Ainsealacha cúram othar agus go laghdóidh sé an brú ar sheirbhísí ospidéil tríd an ngá le tinreamh othar a laghdú.